Corpus of Electronic Texts Edition
Instructio Pie Vivendi et Superna Meditandi (Author: [unknown])

section 53


25] DE MARTIRIBUS ET PATIENTIA .i. DONA MAIRTIRIBH AGUS DON FHOIGHIDE.


Agus rith co dian dochum na mairtireach maithi .i. dochum
Steafain agus dochum Labraiss agus dochum Unicencius agus
dochum gach ain ele do ghradhuigh Criosd o chreidimh
dhasachtach, oir nír eglaighidar so doilghes na galar na lisdacht
30] na cumhgach na gruamdhacht na croch na prísún ar grádh
Dhia, acht a fulang ar grádh Dhia maille re gairdeachais.
Maseadh, guigh do shír an mheid so, iondas comadh dingmhala
tré dásacht a creidimh do ghabháil co duthrachtach a ngradh
Dhia. Ar faghbhail th'esbudha doibh so duit, fulaing fein


p.213


co foighideach lasardhacht fhiuchair i ngradh gach uili
chumhgach agus ghuasacht agus thriobloid agus tharcuisne
maille re forbhfhailti móir, oir is trid in slighi righamhail inill
fhirindigh so rithes neach co luath dochum na beatha
5] marthanaigh. Gurab aire sin d'eisiomlaruigh Criosd fein in
t-slighi so do bheith in-chonnmhala o bhreithir agus o ghniomh,
uair do an sé fein is in t-slighi so co bás. Agus ní dhearna
sé in t-slighi so co so-fhulaing na co sochraidh na co deagh-bhaladh,
acht do linigh agus do phennteil sé hí ona fhuil dhilis
10] fein, agus dob é blath torrthach na sligheadh so .i. in t-slegh
agus an choroin agus na tairngedha agus na {MS folio 60b1} sciúrseadha
agus in domblas ae agus in aigead agus in esanoir. Agus ar
suidhe a mullach na sligheadhsa do, do thaisbéan se a lamha
agus a chosa agus a thaebh co cairdeamhail do cach aen
15] imthigheas in t-slighi so. Do ghair se na daine co fearamhail
do dhenamh gearain agus truaighmheile na sligheadh so riu,
agus da ngairm sin ina eisiomlair fein innti, agus tuc se cuireadh
sollamhunta doibh dochum a fhaicsiana don eisiomlair so.
Maseadh, madh ail leat do chosa fein do imtheacht na sligheadh
20] sin, guigh a fhurtachtsan co friochnumhach agus abair mar
so, a Isu mhilis tarraing ad dhiadh fein mé co ndeithidighinn
a mbaladh t'fhola naemhtha fein arnam fhurtacht. Creid
anois, a dhuine, ar Bernard, da n-iarrair so o dhasacht t'anma
co moitheochair an Tighearna an uair sin fein co fiadhnasach
25] ad chroidhi, agus adeara sé rit, na bith egla an bháis ort, acht
furtachtaigh agus gairdigh agus déna co fearamhail, oir ataimsi
maille rit i ncach uili thriobloid agus aibherseoracht. Gurab
aire sin guighis in firen Dia gan in tribulóid agus in galar agus
an buaidhreadh do dhul de fein co brath, ós indtu ataisi do
30] shír, a Thighearna, a Isu mhilis. Maseadh, o do thindscain
tú mé, a Thighearna, co mbuail co neamh-choigiltach mé, co
mbeith sé ina ghairdeachas damh, ionnas co claidhi tú mé ó
ghalar agus nemh-ghebha tu agum, agus na gabh agum,

p.214


a Thighearna, anns an tsaeghal t-shuthain. Corab aire sin, a
Thighearna, adeirim m'indeachadh agus mo bhualadh agus mo
sciúrsadh a rís agus a rís ele, oir ní fhuilid do bhuailtidheachasa
ina n-escairdibh don tí fhuathuigheas iad do réir buidhi in Athar,
5] agus atáid ina cairdibh co firindeach ac an tí ghradhuigheas.
Corab aire sin nach gortaighinn agus nach urchoidighinn agus
nach tromaighind neach, acht a shlanughadh agus a
ghairdiughadh agus a aithbheodhughadh. Da réir sin, a
Thighearna, is tu fein loitis agus leighisis, agus is tú bhuailis
10] agus is iad do lámha shlánaighis, amhail adeir Daibhidh is
in t-salm, et secundum multitudinem dolorum meorum in
corde meo consolationes letificant animam meam .i. gairdighidh
méid mu ghalair uaitsi m'anam agus mo chroidhi. Corab
aire sin guidhimsi tú, a Thighearna, mo ghalar agus mo chlaithi
15] do mhéadughadh agus do shír imdhughadh, oir is iad do-bheir
conách agus gairdiughadh damh. Oir adubhairt in t-apstol,
corab do réir méaduighthi páisi Chriosd induinn méaduighthear
agus gairdighthear trid sin ar conach. Da tucair so dot uidh
agus da smuainfir co friochnumhach ad chroidhi fein hé, ling
20] fein co duthrachtach ann uile. Éigh agus comhairc ó shainnt
dhasachtaigh th,inntinne agus abair so, Domine sicut scis
et sicut vis miserere mei .i. a Thighearna, mar thuicis tú fein
agus mar as áil leat, déna trocairi orm, agus dingmhalaigh
mu sciúrsadh agus mo cheartachadh: agus da mbeidhir
25] marthanach is na neithibh so, gairdeochar thú fa dheireadh,
agus canfaidh tu co subhaltach do nighen tre theine agus tre
uisci, agus do threoruigheas mé a fuardhacht mhesardha arnam
fhurtacht co socumhlach {MS folio 60b2} agus do chonnmhas mo lamh
dhes, agus do ghabhais me maille re glóire. Agus madh áil
30] leat teacht dochum na glóiri sin ge tái co corpordha is in talmhain
so, dlighi do reir smuaintighthi agus indsamhlaighthi aitrebhadh
ar neamh.


p.215