Corpus of Electronic Texts Edition
Instructio Pie Vivendi et Superna Meditandi (Author: [unknown])

section 52


15] DE APOSTOLIS ET CARITATE .i. DONA H-APSTOL AGUS DON GHRADH.


Maseadh, éirigh dochum na n-apstol, óir is iad do ghrádhaigh
Criosd co dásachtach agus, ar fagbhail cach uile neithe doibh,
do ghradhaighidar é fein co do-scailti, corab aire sin do thuillidar
20] fein a n-ardughadh a lasardhacht fhiuchair gradha Dhia
d'fhaicsin a ghloiri agus a chonáich mharthanaich. Maseadh,
guigh do shir an meid so d'fhaghbhail aen drithlinni don ghrádh
ard sin ona nguighi sin. Agus is trid in drithlinn sin do-bherair
dot úigh dul tre theine lasardha co saidhbhir ar grádh do
25] Chruthuightheora fein, agus mar sin leighfidhthear agus
doirtfidhthear tú ann uili: óir is on drithlinn bhic méaduighthear
in teine mhór. Da tuicir tú fein marbh on t-saeghal gona
neithe, féadfair t'fhear posta fein do ghlacadh .i. Isu Criosd,
ód chroidhi co leir agus od smuaintighibh agus ót anam.
30] agus ót shaint agus ót dhuthracht agus ot oibrighthibh
agus o uili bhrighibh do chuirp agus t'anma agus ó aigneadh
dhasachtach gan scur. Da connmhair {MS folio 60a2} in Tighearna
ar lar do chroidhi astigh maille rena inntsamhluighthi
mharthanaich bhuidh fein, ceimneochair co milis toltanach
35] agus guidhfir t'fhear posta gradhach do dhortadh in ghradha
lasardha adeir ar lar t'anma agus do bhrighibh uile. Agus
cibé méid roichfir hé, is móidi lasfair a toil a mhéaduighthi.


p.212


Is iad comhartha gabhála gradha Dhé duit gan feachain do
thribuloid na do ghalar na do dhoilghis na do dhochraide na
do ní ar domhan da n-imtheocha ort, gan beith ag sduidear
ag iarraidh Dia no go tuilli tú a fhaghail a rís, oir is ona fhaghail
5] aithintear a thinnluicthi. Agus ma fhuarais hé gan cunntabhairt
aitheonair ca mhéid do rindi agus do dhéna se duit, agus ca
mhéid ghraidheochas sé thú agus ghrádhuigheas, oir is ferr
beith ina Thighearna ionruic duit co mór ar son do chuimhnighthi
air. Maseadh, cuimhnidh na neithe so co marthanach, agus
10] las do ghradh co h-acfaindeach annsan agus co imarcrach agus
co fiuchair géar o smearoid o chroidhi fein, agus abair rit charaid
ionraic nach fuil comparaid ar bith na comhthrom dingmhala
óir na airgid a n-aghaidh an tí chreidis a nDia, oir cebé fhuair
Dia, fuair sé an cisti co h-iomlan. Maseadh, cidbé fhuair hé,
15] connmhaidh sé co daingin hé, agus na cuireadh uadha ar ni
ar bith hé, acht abair, fhuair mé in neach do ghradhuigh m'anam
fein, agus do chonnmhas hé agus ni leigim uaim he. Agus is
maith duit tú fein do bheith is in n-inmhe so anois. Maseadh,
saidhbhrighidh thú ann so agus gairdigh ann, agus doirt do
20] chroidhi co léir ann, agus leig cuisleanda do dhuthrachta uili
agus mian t'inntinne co léir do rith ann so. Agus muna fuil
a shainnt ort delughadh ris, is h-éigin duit co fuighir co
fulaingtheach tú do dhénamh gach uile neithe co foirfi.