Corpus of Electronic Texts Edition
Instructio Pie Vivendi et Superna Meditandi (Author: [unknown])
section 50
30] {MS folio 59b2} DE SANCTIS ANGELIS ET PASSIONIBUS CHRISTI .i. DONA H-AINGLIBH NAEMHTHA AGUS DO PHÁIS CHRIOSD.
Agus indsaigh ar tus ar na h-ainglibh mhaithi ainmnighthear
ina teachtairibh dhísle, agus guidh iad iondas co foillsighidh siad
na maithi uait .i. gur fhagabh thú do pheacadh. Indsaidh
35]
aind sein na h-archaingil foillsigheas na neithe ro-arda, iondas
co foillsigit do dhuthracht agus do thoil idir maith neimhe.
p.209
Innsaidh a rís ord na subhailci .i. virtutes le ndéntar
comharthadha agus mirbhuile, iondas co coimhlínair leo so
gach ní dar h-aithbheodhughadh tú do bhás t'anma. Innsaidh
potestates aind sein chlaenas ona cumhachtaibh mar is áil
5]
leo na droch spioraide chumhachtacha aeirdha urchóidighis
don naduir amhain, iondas co furtaighind tú ona n-urchóidibh
siut co brath. Innsaidh aind sein principatus thighearnuigheas
ar na spioraidi uile, iondas co coimheadaidh siad tú mar nach
gebhadh diomas na peacadh ele tighearnas ort co brath.
10]
Innsaidh a rís dominationes thighearnuigheas co h-iongantach
ar na spioraidi, iondas co connmhanaid tusa as t'umhla fein
do shír ac seirbhis dot Thighearna fein. Innsaidh thronos
anois le ndealaighidh Dia a bhreitheamhnas co tegascidh siad
tu do bhreathnughadh t'oibrighthi fein co deiscreibhdeach,
15]
ionnas nach daimeontar tú uatha. Innsaidh a rís serabin,
re n-abur in egna chomhlan, iondas co teaccoiscid siad tusa
is in egna fhírindigh le féadfair do shlánughadh. Indsaidh
serapyn anois, re n-abur loscadh in ghrádha, ionnas co faghaidh
sead grádh Dhé duit as a teighfidhthear tu do shir a ngrádh
20]
Dhia. Guidh mar so co minic na spioraidi naemhtha co
h-umhal aca n-indsaidh fa seach agus aca tinól a n-aen ionad,
iondas co faighidh siad duit ona nguidhi fein a fiadhna si Dia
d'aithrighi do choimhlínadh co h-iomlán, iondas co ti sin chum
molta agus chum glóiri dosan, agus dochum forbhfailti doibh
25]
sin ar son inntó an pheacaighe maille re h-aithrighi, agus nach
fuighthear choidhchi a rís tú leasc na maindeachtach, acht
co fuireachair deiscreibhdeach do shír. Agus na smuain nach
derna tú na peacaidhe mhóra mharbhthach, oir breithneochaidh
Dia ceart agus aindlighe gach aein fá dheireadh. Agus arna
30]
dhearbhadh so duit, na teith a n-aein inad eli acht chuige sin,
oir is eism co deimhin do bhrathair agus do cholann do-bheir
grádh do cach uile neach bhis toirrseach ag dénamh na h-aithrighi.
Má tá thú fein annfhann agus co n-aithnidhinn tú nach tic
dit an aithrighi mhór do dhénamh, innsaidh an Tighearna
35]
co tairise, agus guidh hé co duthrachtach co freagra sé ar do
shon: oir dobo díngmhala lais corp daenna do ghabhail a
mbroind na h-Óighi ar do shon. Do fhulaing sé bochtacht
p.210
agus riachtanas a leas di-airmhidhi examhla ar do shon, a fuacht
agus a tes, a n-ocras agus a n-ítaidh, agus a mbraithreachaibh
fhallsa agus a cealgaibh di-airmhe, agus do fhulaing sé athmhultas
a' ceimniuchadh, {MS folio 60a1} agus a chontrardhacht a' senmóra,
5]
agus aithis ac leighis na ngalar n-iomdha. Do rinde déara
tar do cheand maille re h-alluis fola. Agus do fhulaing sé
fós in t-ae nach ibhalta agus e i' guighi tar do cheandsa co
fada ann, maille re basogaibh agus re seilighe agus re scuirsidhibh
agus re coroin sbíne agus re greannughadh agus re griosadh
10]
agus re scige agus re buaidhreadh agus re h-aithis agus re
tairngibh na croichi agus re sleigh ghéir agus re mirr sheirbh
agus re lomnachtadh agus re gruamdhacht agus re cumhgach
in bháis. O do fhulaing sé so co gradhach, na cuimhnigh
agus na déna mí-dhóchas a méid peacaidh na h-éagcora da
15]
ndearnais, acht tabhair na neithe so uile mar bhudh leat fein
iad, ó do choimhlín sé sin co trocairech ar do shonsa, mar
aithrighi agus mar lor-ghniomh, oir is inntu so atá do chomairci
agus do chonách agus do dhóchas agus do chreidimh agus do
bharántas uile agus t'inillis agus do thairisi dhílis. Maseadh,
20]
guigh é fein do shír indtu so, iondas co coimhéada sé co nuici
an críoch ndéighinaigh agus co nglanadh sé tú co h-iomlán, in
tan cheimneochas t'anam don t-saeghal, cona fhuil luachmhóir
fein, do dhoirt sé co h-iomarcrach tar do cheand, agus co n-onga
sé tu mar oig mhilidh thaitneamhach neartmhar i n-aghaidh
25]
do namhad, iondas nach fuighbheadh escara in chinidh daenna
ionad innut ina féadfair sé a fhiacla neimhe do shádhadh.
Guigh co duthrachtach gradhach dot innsamhlughadh fein a
ngortughadh agus a ntribulóid agus a ngalar agus a ndoilghis
agus a cumhgach na páisi do fhulaing do Thighearna milis
30]
[...]