Corpus of Electronic Texts Edition
Instructio Pie Vivendi et Superna Meditandi (Author: [unknown])

section 48

DE SANCTIS REQUIRENDIS .i. DO IARRAIDH NA NAEMH.


Is h-eigin duit tu fein do ghlanadh, agus sduider co caireis
fa chomhair co sannteochadh do Thighearna milis buidh fein
thui. Isu Criosd, do mhaisi: agus is amhlaidh do ghentar
25] sin: — tusa d'fhaisidi do pheacaigh gach n-aen lá at urnaighi
fein co h-iomarcrach, agus t'aithrighi do bheith díleas o thoirrsi
ghlain do chroidhi agus o dhearaibh shiltecha thorrthacha
súl, agus dellruigh thu fein o éduighibh ghlana luachmhora
na subhalcibh agus na n-oibrighthi maith atá arna n-onórughadh
30] ó thinnluicthibh, agus do bheith an-aigneach nach fuightheasa
na moran do bhochtaibh ele na tinnluicthi shuthaine doibh
fein[semi ] gurab aire sin as h-eigin duit rith chum do charat agus
chum do ghaeil fein shanntaigheas fás do chur ar do ghlóir
agus ar th'anóir, mar atait na spioraidi chonáich agus na h-uili
35] naemh. Agus guidh iad co duthrachtach ot inntinn agus od


p.206


chroidhi co léir, iondas co tibhra sin furtacht iomlán duit
d'fhaghbhail do riachtanais a les agus da shealbhughadh co
h-inill. Agus na bidh co tribuloideach {MS folio 59a2} aga nguighe
so ar faithchibh, na ar muir, na ar tir neimh-chiunais, acht
5] co h-uaigneach at sheomra chiuin fein. Gurab amhlaidh sin
do ghenair an ghuighi so:—do dheithidi diomhaine uile do chur
uait agus doras do chroidhi do dhrut co maith, iondas nach
racha ní ar bith ann acht in t-iniarratas suthain so.