Corpus of Electronic Texts Edition
Instructio Pie Vivendi et Superna Meditandi (Author: [unknown])
section 47
DE INFIRMITORIO .i. DON TIGH-GHALAIR.
Agus dena umhla agus friotholamh doibh so. Agus an tan
20]
beidhir fein easlan, na labhair agus na freagair na neithe
shaeghalta indti, oir an méid anfhaindighthear an corp easlan, is
i in mhéide sin is cóir a dhaingneachadh a ngradh agus a foirfeacht
a Thighearna mhilis fein. Gach foisci bheas neach don bhás,
is í an mhéide sin as cóir a fhoirceadal don ghlóir shuthain agus
25]
don bheathadh nemhdha, iondas co tibhra sé a anum fein co
duthrachtach a tabhartas gradha Dhia agus a ghloire
marthanaigh. Anoraigh na daine ata ag foghnamh duit don
bhiadh fhéada do thabhairt doibh, agus na h-iarr an ní nach
fuil so-fhaghbhala dhuit. Dá teastadh do riachtanas ar son
30]
bochtaine an tighi uait, na déna toirrsi gebe adhbhar fa mbia
in easbaidh, acht forbhfhailti agus gairdeachas mor do dhenamh
at Thighearna fein: oir gebe méid d'esbaidh fuileongair co
toltanach ann so, do ghiabhair meid nach fheadtar do thomhas
don ghloir {MS folio 59a1} mharthanach ar a son. Da ndearna neach
35]
tarcuisne ort, cuir an tarcuisne dhiomhain sin a tarcaisne, ar
son na glóire moire ata agat ar a son, oir gebe méid fuicfidhthar
p.205
di ona dainibh agus gan do thoil fein ina h-aghaidh, is í an mhéidi
sin airduigheas agus comhairleochas do Dhia milis fein thú
Bith a fhis agat gach ionad a théid sólas tuitimeach na companach
agus an t-saeghail uait, co tibhre Dia ar son an raeda bhic dhearoile
5]
sin e fein agus a ghloir agus a shólás duit ar a shon. Agus
gebé do dhiultas e fein mar sin agus ghairdigheas ina bhochtaine,
is do tuictear an salm adeir, ego sum pauper et dolens .i. bith,
a Thighearna, cabhurthach orum o 'taim lán do bhochtaine
agus do ghalar, agus bith sé dom fhurtacht co friochnumhach
10]
on t-seachran. Agus madh ail leat teacht chum na neithe
so, faisid do pheacaidh co firindeach agus co h-iomlán, agus
iarr co buidh trocuireach in t-sacraimint dheighinach a n-eigentas
in ghalair. Cumhsain is in t-sacraimint red ghairm fein co
h-inill a ngloir agus a creidimh agus a ndochas dhaingen
15]
trocaire tairisi Dhe. Gurab amhlaidh sin tuillfi fein na
tinnluicthi shuthaine agus an ghlóir mharthanach gan crich.
Amen. Maseadh, bi co friochnumhach sduidearach, astigh
agus amuigh, i ngach uile uair agus aimsir, ag ullmhughadh
do thoile agus do ghradha do choimhead tabernaculi flrinne
20]
do chroidhi dot fhear chonaich phosta fein.