Corpus of Electronic Texts Edition
Instructio Pie Vivendi et Superna Meditandi (Author: [unknown])

section 42

DE CAPITULO .i. DON CHAIBIDIL.


Agus na labhair co h-urusa innti, oir is comhartha caillighi
duibhi gnodhaighi beith labharthach a caibidil ac tabhach
ceandais agus tighearnais. Agus an tan labhraid d'fhirinne no
5] do bhreig no do bheac no do mhór. na gabh leithscel duit fein,
acht cuitiuchadh coitcheand do thabhairt a n-agarthaibh caich.
Da curthair coir mhór mhí-chlúach at aghaidh as a tigfadh do
scannail fein agus scannail caich, saer don fhirinne hí: gin
co cuimhnighthear an choir cuirfidhthir ort, na gabh do leithscel
10] innti as a togtar an choir so ina neimhchiontach thú Na
dena gearán co luath na co h-urusa a n-aghaidh an tí do rinne
aimhles ort, ar egla do choire do thogbhail agus do chiunas
do bhuairedh. An tan do dhenair toirisimh a fiadhnaisi an
bhreitheamhnais, cosmhailigh thu fein re Criosd, oir do thoiris
15] sé a fiadhnaisi an bhreitheamhan ar claenadh a chind chum
na talmhan maille re h-aghaidh caoin-fhuarach agus re comhra.dh
thearc, agus é ullamh chum aithisi agus chum a bhuailti.
Maseadh, da ndérnair casaid ar neach, na dena co dasachtach
na co meardhanta hi, ag radh morain briathar no ag radh in
20] bhriathair roimhe a ris, acht abair co ciuin agus co feta agus
co cunnla {MS folio 58a2} buidh gradhmhar na neithe is innraidh, agus
fag gach aindligheadh do rindeadh ort fa dheithidi agus fa
dheiscribhid in bhreitheamhan. Mas tu fein as ceand don
chaibidil, na h-abair briathra coitcheanda riu, acht ceartaigh
25] fa leth do reir a oibrighthi co glic agus co h-eigineach gach
aen dibh. Na daine do-cheartaighthi mi-riaghalta ceartaigh
o bhriathraibh gruamdha agus o bhuailtibh garbh iat, agus
cengail a mbreithemhnas aithrighthi do reir a ciontachta agus
a n-oibrighthi ionnas co ndingentar duine umhal don diomasach.
30] Cuir silens ar lucht an aithimraidh, iondas comadh eigin dona
dainibh scailteacha lais beith comhnuidhtheach ana claustraibh,
agus beantar a n-oifigi do lucht na sainnti, agus claitear lucht
in chrais o threighinas, agus buailtear agus piantar lucht na
h-anumhla, no ceartaigh iad o bhreitheamhnas eadtrom. Dá
35] n-iarradais daine ghaeil no daine mhuintire no daine chuirteamhla


p.201


ort cet chum fagbhala an tighi no an chlaustra no comhradh
re cach, na tabhair doibh acht mar do-bherair dona daine
choitcheanda eile. Coimhéad gach neach do reir a mhodha
agus a bhés. An prelaid iomorro dlighidh sé bheith caoin-fhuarach,
5] agus ni dhlighidh fechain chaidhchi dá shocamhal
fein, acht do shocamhal na n-anmunnd agus do ghradh fhiri
a Thighearna fein agus do mhian maitheasa agus treoruighthi
gach aein, agus da cheartughadh trocaireach nemh-aingidhi
deithideach fein agus oileamhain a choimhthinoil fein co gradhach
10] fial deigh-bhesach. Ni h-aithnigh damh modh is tarbhaidhi
don phrelaid na beith subhaltach fechsanach eglach anórach,
agus co ngoiri se a choimhthinol do shír chum a chomhairle
fein, agus co connmha agus co treoruighi iad maille ris chum
a n-oifice dilse, agus co n-oirdeocha iat ar maitheas na mainistrech
15] uile. Is tarbhach do fós na daine éadtroma scailteacha dímhaine
bhes ina dheithidi agus lucht an aithimraidh co h-airithi do
chonnmhail fa shilens an chlaustra, agus da ngabhuit in
ceartughadh so chuca co neamh-fhoighidneach buaidhearthi,
na fechadh in prelaid do berradh geoine na do mhurmar dá
20] ndingnaid, gan in t-shlighi is inille doibh sin agus do Dhia do
ghabhail. Bith a fhis agad co h-airithi nach fuil modh ar
domhan is mo dhibris agus bhuaidhris in crabhadh na tarcuisne
na ndaine nglic firinnech, agus na breagaireadha bhladhmannacha
ag tabhairt ina n-ionad. Maseadh, madh ail leatsa beith
25] egnaidhi, seachain co friochnumhach gach uile ni is intseachanta
don duine, agus ceartaigh cach co trocaireach.