Corpus of Electronic Texts Edition
Instructio Pie Vivendi et Superna Meditandi (Author: [unknown])
section 40
DE ORATORIO .i. DO THEACH NA H-URNAIDHI.
Agus in tan rachair ann, na bi dímhain, acht dena h-urnaighi
noit smuaintighthi mhaithi no gabh sailm ann: agus déna
25]
na neithe so ann co glan agus co h-arrachta. Co h-arrachta
.i. mar do dhenair {MS folio 57b2} co h-anórach a fiadhnaisi Dia hí, dena
co glic í, agus na bí lesc na coduldach agus na déna ménfadhach
agus na bí coigiltach ar do ghuth agus na h-abair briathra briste
agus na leic aen bhreithir uait gan coimhlínadh agus na bí caech
30]
srónach na mnaamhail anfhann, acht co ferrdha, iondas co
mbeir o fhoghar agus o thoil ag foillsiughadh briathra an
Spiorad Naimh. Co glan anois, iondas nach aiberair aen ni
acht an ní smuainfis do chroidhi, agus ní lor duit na smuaintighthi
amhain, oir atáit na smuaintighthi dímhaine gan oibriughadh
35]
intseachanta, agus co h-airithi is in tempull a n-uairibh disle
p.198
na h-urnaighi ar son na tarbha agus in eigintais choitchind.
Agus aithnim agus comhairlighim duit na neithe adubhairt
uile do choimhlínadh co foirfi. Na smuain aen red a n-aimsir
t-urnaidhthi, acht do thoil gud choimhéad agus codt aire ona
5]
neithibh eachtrannacha. Agus bith a dheimhin agat nach
gabhann an Spiorad Naemh fiacha eile uait a n-aimsir h-urnaighi
acht hi fein agus an toil agus an smuaineadh glan. Na déna
contrardha combuaidherthi at urnaidhi, agus na bí gaireachtach
na luath-shúileach indti, acht cumhsain co foirfi a fiadhnaisi
10]
Dhia agus a aingil agus dena tú fein so-fhaicsianach do Dhia.
Agus déna commain ghnaith tholtanach a primh-fheiltibh
[...] na bliadhna agus co h-airithi gach
Domhnaigh da feadair agus muna feadair, dena gan cunntabhairt
gacha mis in chommain bheannuighthi naemh so, oir is inntu
15]
sin maille ris in comain toirissidh slainti agus beatha agus
eiseirghi na n-anmann. Gibé sheachnas na h-aithinti so adeir
co h-urusa, is mo fhoillsigheas in t-oilbheim dobheir sé ina
anam fein, bas na beatha. Bith a dheimhin agad in tan do
chí in t-aibherseoir bel an Chriostaidhe dearg o fhuil Chriosd
20]
co n-eaglaighin se fein, agus co teithinn mar do bheith ar cuthach
gach crioch ar son co tuicinn sé breithemhnas a mhillti fein
ar an lathair, oir ni fhuilnginn sé indstrumint an bhuaidhthi
dhiadha, oir is on bhuadhughadh sin do ghabhadh agus do
chuibhriughadh agus do thachtadh a n-ifern he. An la do
25]
dhénair comain co sichanta craibhdheach, na labhair a bheac
an la sin, acht muna tuca eigintas ort e. Agus tabhair t,aire
a laithibh na comaine t'fhear posta agus do chara dil fein do
ghradhughadh co sduidearach uaingeach. Muna dearnair in
chomain is in t-sheachtmhain no sa mhí, dena sduidear thairisi
30]
fhriochnumhach ar a dénamh co deithideach an lá féadfair,
agus bi in lá sin co friochnumhach a fochair do Thighearna
thairisi fein agus coimhlin co duthrachtach in uair agus an
t-ionad agus an aimsir a ndingnair in chomain. An uair do
dhénair urnaighi, na h-abair acht briathra tearca in la sin,
35]
agus labhair iad co min milis caoin-fhuarach comhthrom
deiscribhdeach, fa chomhair co n-eistfidh Dia thu o do eistis
ina anóir. Maseadh, dena sduidear thairisi fa chomhair co
p.199
freagradh Dia thú a n-anóir do shilens toltanaigh. An uair
do dhenair toirmisc odt urnaighi at smuaintighthi naemhtha,
na triall dul suas ar eigin {MS folio 58a1} chum na neithe nemhdha,
acht guidh agus oslaig romhat o chroidhi mhilis umhal ghradhach
5]
shithchanta eaglach maille re taisi agus re ciunais agus re
cneadha, agus eirich asteach aind sein maille re buidheachais
agus re tuille buidhi. Creitim fein anois, ar Bernard, ar ndul
is in gloir sin asteach duit, co ndoimhneochar thu co ro-dhaingin
do mhian agus do shasadh ghlórdha na teghdhaisi sin. Gurab
10]
aire sin guighimsi thu, anns an ionad sin, co nguighear ormsa,
am pheacthach bhochd dhearoil. An tan rachair a fiadhnaisi
na h-altora no a n-ionad eile chum urnaidhthi, claen thú fein
co deigh-bhesach buidh umhal trocaireach maille re h-Ave
Maria nó re h-urnaighi eile, agus bith Dia a fiadhnaisi t'inntinne
15]
i ngach aen urnaidhi. An tan beidhir ac denamh do thrath
no h-urnaighi, na bith aen raed ad laimh na at inntinn do
tharrongadh do mheanma ot urnaidhi.