Corpus of Electronic Texts Edition
Instructio Pie Vivendi et Superna Meditandi (Author: [unknown])

section 39

DE ASSERTIONIBUS FIDEI .i. DO RADH AN CHREIDIMH.


Oir is deimhin gurab inchreiti in creidimh diadha agus daenna
10] .i. Criosd agus na sacraiminti adeir agus teine purgadora
maille ris na neithibh folemnumhacha ar son resúin imdha do
gheibhtear co saidhbhir, amhail is follas a reimh-fhighradh
na n-uasal-athair agus a reimh-fhoillsiughadh na faidhe agus
a taisbenadh na n-aingil agus na Suibhiscealaidhthe ar na senmoir
15] agus ar na ndaingniughadh o Chriosd fein. An dara reasun
.i. na h-apstol agus na deiscibail do chonnaic agus do eist agus
do dhearbh agus do thracht agus do th-senmoir do bhreithir
na beathadh co h-iondraic a senmoir fein o chomhartha agus
a mhirbhuilibh mar leghthar co h-iomlan ina nghniomhartha
20] agus {MS folio 57a1} ana paisibh fein do bhi ar na ndaingniughadh
co follas. Corab aire sin do fhuilngidar fein piana agus dochair
examhla co grasamhail, uair do b'fherr leo bás d'fhaghbhail
na a ncreidimh fein do dhiultadh. Bith a dheimhin agad
nach fuileongdais na dochair so acht on firinde dhearbhtha
25] gan cunntabhairt as a faicdis glan-ruine seicreideacha Dhia,
oir da mbeith cunntabhairt a luach a saethair aca do bheac
na do mhor, ni fhuileongdais an dochair. An treas reasun:
ata se arna dhearbhadh a n-examhlacht na martirach agus
na n-écosc agus na n-aes agus na n-oigh agus na n-arsaidh
30] o. chluinsin ar tus, agus o dhearbhadh agus o fhaicsin aind sein,
amhail dearbhthar a Pol dar thaisben Dia an creideamh ionmhann


p.194


buidh, agus a nmoran eile do ghairmeadh don chreidimh iondraic
so o aigneadh laidir agus o chathughadh chruaidh. Do adhratar
an creidimh a choimhfhiuchair sin cona n-intinn lasardha
thoileamhail cor fhuilngidar indarbadh agus prisun agus piana
5] examhla eile, agus ni he in bas amhain do fhuilngidar co
foighideach, acht mar an ceadna toil a fhaghbhala nis luaighe.
Agus bith a dheimhin agad nach fuileongdais so muna beith
Criosd maille riu agus muna cathaighidh tar a ceand. An
ceathramhadh reasun: dearbhthar is na n-aithrichibh naemhtha
10] agus a confisoraibh Chriosd, oir do bhi in mheid sin do chreidimh
lasardha gradha Dhia inndu iondas cor fhagbhadar a n-uile
neithe talmhaidhe agus co nducatar a [...] ona
daine uile agus do bhith [...] aca co ro-dhearoil
fana h-uachtaranuibh [...] agus drong eile a
15] n-uamhaibh agus [...] uile aga falach a scallaibh bheaca
[...] amhail dearbhthar a Pol naemh agus a n-Antonius
agus a n-Arsenius agus a mMacharis agus a n-Ilarion agus a
moran di-airmhighthi eile mar is [...] aird foirfi so do
thinnscnadar, ina chlaidhidar siad tre creidimh do-thruaillighthi
20] a locht agus miana maibhseacha in chuirp agus saidhbhris agus
maisi an t-saeghail. Bith a dheimhin agad nach feadfadois
so siruidheacht na beatha so do fhulang muna beith siad arna
furtacht o chomhairle agus o fhoillsiughadh agus ona fechsanaibh
dhiadha. An cuigeadh reasun: dearbhthar ona h-egnaidhibh
25] agus o dhochtaruibh dhaingne, amhail ata Ambrosius naemh
agus Ieronimus agus Gregoir agus Bernard agus Augustin
tar cach uile agus moran eili do dhearbh co daingin in fhirindi
agus baramhla examhla agus ughdarais iomdha ele do dhain-
gniughadh an cheirt agus do scris an t-seachrain, agus gach
30] aen do chuaidh a n-ailithre on creidimh do dhamnadais so iad
amhail eireitighibh, agus do dhaingnidis creidimh na h-eclaisi
agus do chaithighdis do shir a n-aghaidh lucht an t-seachrain.
Do h-aithnidar ina mbesaibh agus ana scribhne[gap: extent: seven and a half lines]
lucht {MS folio 57a2} an t-seachrain ata ar na comharlughadh on Diabhal
35] a' sgrudughadh in chreidimh agus aga cur i cunntabhairt, agus
na h-eagnaidhi daingne do thecaisc Dia agus d-aithbheodhuigh
na mairbh do mhí-chreidimh, oir ni h-éidir aen neach da lenann

p.195


an maith so do bhreith o chasanaibh an chreidimh choidhchi.
Bith a fhis agad gibe theid ar seachran uatha so, mar mharbhaidh
na mic tíre in chaera theid ar seachran on treid, co mmarbhaid
agus co sluicid na diabhail a n-ifreann e. Creid damhsa,
5] maseadh, da ticaid na smuaintighthi sheachranacha so at
inntinn, co racha saethar na naemh agus na n-egnaidhi ndaingen
so uait mar do rachadh gaeth no deatach, agus gurab ar h-eiginn
slaineochair tu da ndearntar. An seachtmhadh reasun: in
tan nach féadann in Diabhal na daine do mhelladh chum
10] peacaidh nguasachtacha do dhénamh, brostaighi se iad t'uil,
an-ord do ghradh in t-saeghail, agus ni leiginn se blas ar aen
oibriughadh da ndénaid siat is in n-órd o riaghail an uird, a'
cur eire a n-aghaidh a toili orra agus os don t-saeghal [...]
cuiridh in Diabhal smuaintighthi co racha futha, iondas co
15] muchann iad o sholas na ngras: agus gebe mhuchtar o
smuaintiughadh dhíomhaine chunntabhartacha in chreidimh,
folchar soillsi gloiri Dhia air. An t-ochtmhadh reasun: in
mhéid truaillighthear tú ona smuaintighibh so na h-aimsir-
dheachta, is í an méidi sin tromuidhthear ort chum luais in
20] mhuchaidh ainfhirenda. Maseadh, mar is luaithi moitheochair
na droch-smuaintighthi, teith mar bhudh nathair neimhe n o
teine dhasachtach do bheith agad, agus dichuir iad o indtinn
laidir bhuidh, agus rith co luath iondraic chum tegaisc na naemh
agus chum paisi Chriosd. An naomhadh reasun: gebe
25] chunntabhartaigheas is in creidimh, toghadh se an chuid is
inille de agus is lia agus is uaisli dearbhtha agus fiadhnuighthe,
agus seachnaidh se in chuid is teirce agus is ain-eagnaidhi.
An deachmhadh reasun a claitear neach: is mor in ain-eagna
don neach rugadh agus do h-oileadh agus do treoruigheadh
30] a creidimh na Criosdaidheachta co nuigi a bhlianaibh
dheiscribhdeachta fein beith ag inntogh a reasuin agus a
spioraide a n-amhuras agus a cunntabhairt creidimh a shinnsir.
Tuic fós co fuil se ag damnadh a shinnsir is in baramhail cheadna
in tan do chlaechluigh se a nDia. An t-aonmhadh reasún
35] dheag: oir ni h-ail le lucht an eisionnracais in solas da
foillseachadh, agus is comhartha mailisi agus aingidheachta
sin, agus is uime dearbhthar gurab beac ar lucht dénta an uilc

p.196


in solas, oir ni h-áil leo in solas ar egla thathaire ona h-oibrighthi.
Na daine iondraca iomorro is ionmhuin leo in solas agus ni
nar leo he, agus ni da n-anorughadh a dhainibh dob ail leo
ar son a ndegh oibrighthi, acht do thabhairt eisiomlara maithi
5] do chach agus do thabhairt gloiri da n-Athair fein a flaitheamhnas.
An dara reasun dheag: amhail dearbhthar is na creatuiribh
.i. a ngrein agus a n-esgai agus a clochaibh agus a crannaibh
an aeir agus a talamh agus a solas agus a ndorchadas agus a
n-ethitibh agus a n-iasgaibh agus a n-enibh ina [...]
10] aderaid maille re na n-oibrighthibh [...] ipse fecit nos et
non ipsi nos .i. is e do rinde sinn, agus ni sind fein [...]
do shir agus ni h-amhlaidh atait [...]. do ghnath. An treas
reasun dheag: {MS folio 57b1} .i. an drong is forfi is in creidimh do
thuillidar a n-anorughadh o Dhia o chomharthaibh agus o
15] mhirbhuilibh. amhail dearbhthar a Martan agus a mBennidecht
agus a mBernard agus a n-Elysabet agus a ndainibh iomdha
ele do reir in t-Send Reachta agus an Reachta Nua. An mhéid
do aimsir do chaithidar beo, is i an méidi sin do bhadar a
ndaingen a naemhthachta, a' todhuscadh marbh agus a' glanadh
20] lobhar agus ag díchur demhun agus ag dénamh comharthadha
ndiairmhidhi eile ag moladh a creidimh fein ona n-oibrighthibh,
oir is i in mhéid aithintear creidimh in duine aithintear a
oibrighthi, agus mar nach eidir leis na dainibh eisionnraca
fearta náid mirbhuili do dhénamh, ní bhudh eidir leis an droing
25] so a ndénamh, acht muna beidhis iondrac. firenda. An
ceathramhadh reasun dheag: amhail do chimid co min ic co
n-indtodhthar na peacthaich agus na daine shaebha on
a.ingidheacht fein, oir tigmhainaid na gras mar a thigmhainuidhinn
a n-aingidheacht, bith a fhis agad nach tibertai in t-oibriughadh
30] so dona naemhaibh na do neach ele acht do Thinnluictheoir
na Maitheasa Uile .i. do Dhia, oir co deimhin is deacra in
peacach aingidh d'ionntogh agus is mó do mhirbhuile é na
in marbh do thodhuscadh, oir teastaighidh an marbh a ris,
agus mairid na fírendaigh co marthanach. Mar nach féadann
35] in duine marbh é fein d'aithbheodhachadh, ni fhéadann in
peacthach firen do dhénamh de fein: maseadh, is é Dia
oibrightheas indtu ar aen. An cuigeadh reasun dheag: ní
h-eigin do lucht an chreidimh fhirindigh sacraimint na h-eacailsi

p.197


do fhaicsin o reasún na o shúil, ar egla co leicfidis luaighdheacht
in chreidimh uatha, oir is é is creidimh ann substaint na raed
nach follas do chreidimh gan cunntabhairt, amhail adeir Gregoir,
nach fuil luaidhigheacht ag an creidimh darab eigin dearbhadh
5] daena d'fhaghbhail, amhail adeir Gregoir, quia fides non habet
meritum cui humana ratio praebet experimentum. Agus gibé
chreidfis is na neithibh so adeir, cuirfidh se spiorad na
h-aithisi uadha co h-urusa. Fá chomhair na spioraide so do
dhichur a fad uam. cretimm is na neithibh mhora fhollasa so
10] adeir gus trasta .i. do reimh fhoillsiughadh na n-uasal-athair,
aggus do reimh-fhighrachadh na faidhe agus do bhriathraibh
firennecha Chriosd agus da oibre naemhtha agus do dhearbhadh
na seacht sacraiminti naemhdha agus peine purgodóiri mar
adeir cona cosmhaile: gurab aire sin do thrachtassa co comhnuightheach
15] agus co h-examhail o résunaibh iomdha do dhibirt
spioraide na h-aithisi, atá ina namhaid don chineadh daena
agus ag buaidheart nafiren, ionnas nach mairidh aen cunntabhairt
don chreidimh a croidhi na fíren. Dá coimheadair na neithe
so adeir co friochnumhach duthrachtach astigh agus amuich
20] gan cunntabhairt, airdeochaidh Dia do thinnluicthi a nimh
agus a talmhain.