Corpus of Electronic Texts Edition
Instructio Pie Vivendi et Superna Meditandi (Author: [unknown])
section 31
DE OPERIBUS CHRISTI .i. D'OIBRIGHTHIBH CHRIOSD.
30]
Agus is coir a dhiadhacht agus a dhaenacht do chreidimh
ar son na n-oibrighthi naemhtha agus na mirbhuilibh do roine
sé a talmhain co spioradamhail agus co corpardha, curab aire
sin adubhairt se re lucht an t-seachrain, muna creidthighi a
mbriathraibhsi, creidigh a m-oibrighthibh. Foillsighthear anois
35]
a bheith ana Dhia agus ana dhuine ar son treighinais an da
fhichid la agus in da fhichid oidhchi, agus co roibhi occaras
p.171
air tar a eisi sin. O nar fhéad an Diabhal dighbhail ar domhan
do dhenamh do, do theith sé uadha agus tangadar na h-aingil
da fhriothalamh, agus is follas as sin o do bhí ocaras air
gur duine he, agus dearbhaidh frithalamh na n-aingil he do
5]
bheith ana Dhia. Agus dearbhthar fos ina Dhia e an tan do
rinne fion don uisci, agus dob e sin tosach a chomharthadha
a fiadhnaisi na ndeisceabal, as ar chreididar co dichra agus
far fhagbhadar gach uile ni ar a ghradh. Tuc se a shuile don
ti do geineadh dall agus do mhoran {MS folio 52b2} ele o thaghall agus
10]
o bhreithir uair ele, agus tuc eisteacht dona boghraibh agus
labhairt dona balbhain agus siubhal dona bacachaibh agus
slainti dona labhraigh agus do lucht na pairilisi, agus do dhibir
na diabhail as na corpaibh, agus do fhoir sé lucht na h-idroipisi
agus nir fhagaibh teidhm gan slanughadh, agus do aithbheodhuigh
15]
na mairbh, agus do aisigh anum Lasarus agus a chorp ac breanadh
ceithre la is in uaidh, agus ar sasadh cuig mhile do le cuig
aranaibh agus le da iasc agus do fhurail da chliabh dheg do
linadh da fhuighill. Ni h-eadh amhain do rindi sé fein na
neithe so agus morán ele leo, acht do thinnluic da aspalaibh
20]
agus da dheisciblibh a mhile mhile oired so. Gurab aire sin
adubhairt se riu, foiridh na lobhair, agus slanaidh na galrach,
agus aithbheodhaigh na mairbh, agus dibridh na diabhail, agus
a n-aisgidh fuarabhar fein an chumhachta so, agus tabhraidh
amach a n-aisgidh hí. Agus na gairdighidh fana droch
25]
spioradaibh do bheith fomhamaighthi daibh, acht forbh-
failtighidh ar son bhur n-anmanann do bheith scriobhtha ar
neimh. Bith a dheimhin agad gibé chreidfis indumsa co
ndingne m'oibrighthi agus oibrighthi bhus mo, iondas cuma
h-iongnadh le cách uile iad. Agus cidbé neach dob áil le Dia
30]
do thabhairt ina chumann, tuc sé chuigi iad o fhuraileamh
amhain, amhail dearbhthar a Petar agus a nn-Andrias agus a
n-Iacóp agus a n-Eoin agus a mMatha do bhí a' gabháil phuill
is in oifig mhailisigh agus moran do dhainibh ele ar a tuc se
na neithe talmhaidhe do fhagbhail. Tuic maseadh in ti lerbh
35]
éidir na maitheasa so do dhenamh ann fein agus a cach, gumadh
éidir leis e fein do bheith acfaindeach cumhachtach ard is in
p.172
t-saeghal. Agus nirbh áil lais na neithe talmhaidhi, acht beith
bocht umhal ceannsa, gur amhlaidh sin do fhoillsigh sé é fein
do bheith ina Dhia ag sanntughadh na neithe spioradamhail
agus ac tarcaisniughadh na neithe n-aimsirdha. Oir da mbeith
5]
sé ag iarraidh glóire in t-saeghail, do fhuicfidh sé na h-Ibhail
do bhi ag iarraidh a sgriosta do shir, agus do reachadh sé dochum
na cineadhaigh do ghebhad he maille re toil agus re buidheachais,
agus do bherdais anóir mhór do ar a throcaire agus ar a
mhirbhuilibh di-fhaisneisi, agus do bhetis aca shilleadh co
10]
h-anorach duthrachtach tar a ndeeibh fein nach féadfad so
do dhénamh. Tucsam deimbrigh is in anoir sin ar gradh tuitim
an duine do fhuaslughadh, agus do theith se ona h-Ibhalaibh
fein in tan dob ail leo rí do denamh de, agus tainic se chucu
co toileamhail in tan dob ail leo a mharbhadh. An fear do
15]
fhéadfadh ionad agus aim agus aimsear a cheasta d'fhoillsiughadh
agus a thinnlaictheoir do thaisbénadh, in doich {MS folio 53a1} leatsa
a mbeith neart na n-Iudhal air muna deachaidh sé co toileamhail
da chésadh, oir ni ar son gur fhéad in t-Idhal a thoibheart do
chésadh hé, acht ar son gurbh ail leis fein a thoibheart. Gurab
20]
aire sin adubhairt se, potestatem habeo ponendi animam meam
et iterum sumendi eam. Nemo tollit eam a me, sed ego pono
eam et iterum sumo eam .i. ata cumhachta gabhala agus
thoibhearta m'anma agam, oir ní neach ele bhenas m'anum
dim, acht mi fein aga thabhairt h-imach agus aga ghabhail
25]
chugam aris. Gurab aire sin do chuaidh sé a n-aimsir cindti
a throcaire luachmhoire da idhbairt fein co forbhfailteach
duinne, iondas gur chuir sé a chos co daingin cothuighthi is
in cesadh gan claenadh gan utmaille, iondas gur choimhlin
se an Lex agus reimhfhighracha na faidhe agus na salm. An
30]
tan d'iaradar na h'esbuig resun ar son a thecaisc air, agus
d'fhiafraidh Pilat nar rí he, agus an tan do bhuailidar agus
do ghoirtidar na ridireatha do sgiusaibh hé, agus do cuireadh
corcair righa mar eadach agus coroin sbine im a cheand, agus
mar do mhelladar he mar rí, agus mar do chuir Irhod éadach
35]
gel mar chomhurtha oinmhide uime, agus mar d'aithisigheadar
na Fairisinigh is in croich hé, agus mar adubhradar co creidfidis
p.173
do da tigidh aisti, agus ni thucsam a bheg do fhregra orra
no ní thuc aen raed. Do rinne se comhnuidhi is in croich ar
slainte na n-uile fa tainig se, agus is ann so do fhoillsigh se gurbh
é fein in t-uan dar labhair Isayas faidh an tan adubhairt,
5]
tanquam ovis ad occisionem ducetur, et quasi agnus coram
tondente se sine voce obmutescet: oblatus est quia ipse voluit
et peccatum multorum portavit .i. berthar hé mar chairigh
dochum a mharbhtha agus balbh ocus hé gan guth aigi mar
uan a fiadhnaisi fir a lomartha. Do idhbradh he mar dob áil
10]
leis fein agus do iomchair se peacaidh daine iomdha. Da
creididis do ar a theacht sa chroich mar adubhradar fein,
dobadh chora doibh a chreidimh ar a eirghi on bas, no ar a
eirghi beo on uaidh duinte, oir is mo do chumhachtaibh duine
marbh do eirghi o bhas na duine beo do theacht as a chroich.
15]
Agus nir fhéad na h-Iudhail a radh co roibhi ainfhis orro a
n-eiseirghi Chriosd, oir do chuiredar siad an mheid dab ail
leo fein do choimhéad an adhlaicthi, agus do bhí an mhéid
sin agus cach friochnumh da ndearnadar uile ag dearbhadh
fiadhan na h-eiseirghi. Do bhi sé fein da fhichid la {MS folio 53a2}
20]
idir a dheisceabail ag dearbhadh a eiseirghi o arrgamaintibh
iomdha agus do bhí sé ag ithi agus ag ibhi leo agus, arna teaccosc
co h-iomlan do mar sin, do chuaidh se ina fiadhnaisi uile ar
neamh. Agus arna tinol a n-aen ionad a cind deich la ina
dhiaidh sin, do chuir se an Spiorad Naemh chuca, agus is uadha
25]
do daingniughadh co cobhsaidh iad, iondas co rabhadar ullamh
dochum bais agus dochum cach dochair tar a cheandsan. Is
mor comhartha eile do rindi Criosd a fiadhnaisi a dheiscibail ann
so, agus dar limsa is lór do cach uili Chriostaighi lenabh áil
a anum fein do shlanughadh co h-umhal firenda ar scriobhadh
30]
ann so. Maseadh, aithnidhmid a chreideamh as na neithibh
so co dichra gurbh e Isu Criosd fír Mac Dhe, agus do ghebhthar
an bheatha shuthain ina h-aimsir fein as in creidimh sin. Da
reir sin aithnimsi ditsa a chreidimh co neamh-chunntabhartach
cach ni dar scriobhadh ann so ar oibrighthibh in Tighearna,
35]
madh ail leat dul a flaitheamhnas. Agus da ndearnair in creidimh
so co h -inill, seidfir uait spiorad na h-aithisi agus in mhi-dhochais.
p.174