Corpus of Electronic Texts Edition
Instructio Pie Vivendi et Superna Meditandi (Author: [unknown])

section 27

DE BLASFEMIA ET DE PREFIGURANTIBUS CHRISTUM
.i. D'AITHISIBH IN TIGHEARNA AGUS DO REIMH-
FHIGHRACHAIBH AN TIGHEARNA.


Da tegmhadh sin chum do chroidhi cathuigh ré agus dibir
5] co laidir hí. Agus geintear an chair so co minic a timchill
diadhachta agus daennachta Chriosd, no a phreamhaighthi
fein, no na sacraimintibh mora eile, agus cathuigh ina n-aghaidh
so co laidir ó resunaibh iomdha ionmholta. Agus is coir creidimh
a ndiadhacht agus a ndaendacht Criosd o adhbharaibh iomdha
10] agus ó résúnaibh daingne. An chead resún dibh: dearbhthar
hé o fhurtacht na naemh agus o aithbheoughadh na marbh
nar fhéadad a chreidimh agus o bhriathraibh agus o oibrighthibh
na naemh. Agus ata an dearbhadh ceadna arna reimh-fhighrachadh
on Lex agus ona h-uasal-aithribh, arna reimh-fhoillseochadh
15] ona faidhibh agus arna thaisbenadh on aingil
agus ona Soiscélaibh, agus arna shenmoir ona h-apstolaibh.
Créad tuictear trid an muine do-chonnairc Maysi ar lasadh
can dighbhail da duille, acht Muire do ghabhail Mac Dhe can
dith n-oighi agus gurbh é fein an lasair ghradhach mharthanach
20] bhis ac sir chnamh gan dighbhail don tí ar a n-oibrighind?
Cread tuictear a nlomradh olla do bhí ac Gedian trer fhear
an braen neamhdha gan dighbhail don olaind, acht Criosd
arna fhearthain on Spiorad Naemh a mbroind Muire cin dith
n-oighi? Cread tuictear tre Adhamh arna chruthughadh don
25] talmhain neamh-thruaillighthi agus d'Ebha arna cruthughadh
da esna, acht Muire ar ngabhail Mac Dhé co neamh-thruaillighthi
cin dith n-óighi? Cread tuictear a slait Aron thuc blath agus
cno co h-obann, acht Mac Dhe arna gheinemhain on t-slait igha in
.i. o Mhuire oigh cin dith n-oighi? Cread tuictear trisin t-slait
30] do thairngirsit na faidhi do theacht do phreimh Iese{MS folio 49a1}
co mblath neamh-thruaillighthi, acht Muire Mathair do bhi
ar slicht Iese, agus thuc an blath do-thruaillighthi do chabhair
cach .i. Criosd? Cread tuictear trit in da fhichid la agus in
da fhichid oidhchi do throisc Maisi agus Elias, acht Criosd do
35] throisc fad na h-aimsire ceadna do shaeradh an duine? Cread
tuictear tre Ioseph do reic da bhraithreachaibh, acht Criosd


p.154


do reic da dheisceabluibh fein ar deich n-airgidaibh fichit?
Créad tuictear tre Iacob do chathuigh ris in aingil agus nar
leic uadha hé no co fuair sé in bheannacht mharthanach, acht
gradh Chriosd don daennacht do bhí ac cathughadh ris do
5] ghnath, iondas co tuc se air allus fola do chur de fa dheireadh
ac tabhach na beannachtan marthanaighi acc ar slanughadhne,
amhail is follas a n-oslugadh na lamh anns an gcroich ac
tinnlachadh na beannachtan duinne? Créad tuictear tre
fhuil neamh-urchoidigh Aibeil do bhí a' gairm comairc chum
10] Dia arna mharbhadh da bhrathair ar an machaire, acht fuil
Chriosd do dhoirteadh tar ceand pheacaigh agus a' gairm
comairc ar Dia tar a cheand? Créad tuictear on airc do shaer
na h-ocht n-anaim ar tonnghail an mhara, acht croich Chriosd
tre mbearar lucht a chennaigh o thonnaibh a peacaigh anfadhaigh
15] co cuan dorais tighi Dhia? Créad tuictear tré Isac do iomchair
an cual chonnaigh do choimhlínadh thoile an athar da loscad
fein mar idhbuirt do Dhia, acht Criosd do iomchar croichi a
pheine lasamhna fein do chendach peacaidh na cineadhaigh?
Créad tuictear tre chrois tau, agus trit an uan cascdha do
20] idhbradar mic Israel ac fagbhail na h-Eigipti acht croch Chriosd
ina roibhe in t-uan neamh-urchoideach do thogaibh peacaidh
an domhain a toil an Athar, thuc hé fein mar idhbairt do
scaileadh peacaidh an domhain a toil an Athar? Créad tuictear
trid an nathar neimhe do chuir Maisi a n-airde do mhacaibh
25] Israeil do fhóireamh cach aen do shilleadh uirre ó lot na nathrach
eile, acht Criosd do bheith is in croichi ac slanughadh cach
aein shillis ann ona lotaibh do-chriochnaighthi? Cread tuictear
tre Shamson do bhi maille forbhfailti fa sbarraibh duinte ag
Gazenses agus do eirigh uatha arna cur uile a neamh-nidh a
30] n-aéisi oidhchi ar mbriseadh a ndoirsi, agus do chuaidh co
neamh-ghortaighthi maille rena mhaith ina fhlaitheamhnas
fein acht fighair Criosd do bhí fa iadhagh is in adhlachadh
maille re forbhfailti na n-Idhal agus do eiridh uatha is in
meadhon oidhchi agus do bhris doirrsi ifrin agus ruc a mhaith
35] fein chum flaithimhnais? Créad tuictear trit in Samson cheadna

p.155


do bhean an criathar meala a bel in {MS folio 49a2}leomhain, acht
fighar Criosd: mar bhis an mhil is in cheir ata eisin ana Dhia
agus ana dhuine? Créad tuictear tre Ionas do sgeidh in miol
mór in treas lá, acht Criosd do eirigh an treas lá a bhás?
5] Cread tuictear tre Enog rucadh ina chorp fein a Parthas agus
tre Elias rucadh a fiadhnaisi a dheiscipal fein a n-aer, acht
Criosd rucadh amhlaidh a fiadhnaisi a dheiscibal a flaitheamhnas
agus do shuidh iarumh ar deas laimh a Athar? Agus da
creidir na neithe so co firindeach, rachaidh spiorad na h-aithisi
10] acus an mí-chreidimh uaid. O d'chonnacais mar do rindeadh
a reimh-fhighradh ón Lex agus ona h-uasal-aithribh, fech
anois mar do rindeadh a reimh-fhoillsichadh ona faidhibh.