Corpus of Electronic Texts Edition
Instructio Pie Vivendi et Superna Meditandi (Author: [unknown])

section 26

DE DESPERACIONE .i. DON MHÍ-DHOCHAS.


Agus da ti si dochum an chroidhi atá sé diabhulta can cunntabhairt.
Agus cathuigh co ferrda fris agus co neimh-dhearmadach
a modhaibh iomdha. An chead mhodh: atá Dia
30] uili-chumhachtach choimh neartmhar ar lucht an pheacaidh
do dhamnadh agus ar lucht na h-aithrighi do shlanughadh. An
dara modh: ata sé trocaireach an mhéide sin nach dlighinn
neach mí-dhochas do dhenamh as, oir is mó a throcaire na
mar fhéadaid ar peacaidhne beith. An treas mhodh: ata
35] se firindeach agus gibé uair do dhena an peacthach cned, do


p.152


ghell se a pheacaigh do dhearmad, agus adubhairt sé, a anam
pheacthach ce minic do ni druis re leandanaibh iomdha, innto
chugamsa agus gebhad tú. An ceathramhadh modh: atá
sé caoin-fhuarach agus ní do ghairm na firen amháin thainic
5] se, acht do ghairm na peacthaich leis. Atá sé buidh agus
ni fhuil fás da ndenaid na peacaigh nach fásaid a ghrasasan
tarrsa, mar dhearbhthar a Petar agus a Pol agus a nDaibhidh
agus a mmorán ele. Agus ma do rindisi peacadh, fech an mó hé
na peacadh Phoil no Dhaibhidh, oir do bhi fear dibh ina
10] aithiseoir mhí-chreidmheach ar Dia, agus fear eile ana
dhúnmarbhthach maille re h-adhaltrannais. Do bhí an
dúnmarbhthach so do reir croidhi Dhe fa dheireadh, agus do
bhí an fear ele ina dhochtuir dona cineadhachaibh. Masa
duine riaghalta thú, ní mó do pheacuigh thu na do pheacuigh
15] Petar do shén a Thighearna fa thri, agus ní ferr an prelaid far
pheacaighis na in prelaid far pheacuigh Petar. Agus an fear
so thuc an teitheadh agus in diúltadh, tucadh eochracha
flaitheamhnais Dhe do fa dheireadh. Maseadh na bidh mi-dhochas
agadsa as do pheacaidh fein, acht griosadh an
20] eisiomplair so thú dochum aithrighi. An seiseadh modh:
is mó gairdigheas maith neimhe roimh innto aen pheacach
na{MS folio 48b2} roimh fear do theasta do chead d'fhirenachaibh.
An seachtmhadh modh: do bhi an mheide sin do ghrasaibh
ac Dia ar aithrighi in pheacaigh, co nderna Ri na n-aingil duine
25] de fein da ghradh. An t-ochtmhadh modh: o fhuair Criosd
bas ar son na peacthach an tan do bhadar ina nnaimhdibh
do, fech cad do-bheara se doibh anois o 'tait siad ina ncairdibh
do anns an aithrighi. An naomhadh modh: ní dhlighind neach
mí-dhochas do dhenamh as a fhad co n-indtaighinn se, amhail
30] dearbhthar a n-aithrighi ghirr an ghadaidhi is in croich. An
deachmhadh modh: muna budh ionmhain le Dia aithrighi
an pheacaighe, ní chendeochadh se da fhuil agus da fheoil
luachmhoir fein. Agus da creidir so co fírindeach, ni dhingnair
mí-dhochas as do pheacaidh fein.


p.153