Corpus of Electronic Texts Edition
Instructio Pie Vivendi et Superna Meditandi (Author: [unknown])
section 25
DE ACIDIA .i. DON LEISCI.
Agus is inann hi ac glacadh an chroidhi agus bás na h-anma.
Maseadh, dichuir co h-aibeil uadha hi. Tic si co minic o
30]
dhearmad ort fein agus ar Dia agus ar phein ifrin. Agus
contraraidh di so a modhaibh iomdha. An chead mhodh dibh:
nach he an t-anam amhain mhillis si, acht an corp agus an
t-anam le cheile, ionnas corab athmhulta leis beith beo agus
nach áil leis bas do fhaghbhail. An dara h-adhbhar: ata sé
35]
so-thuitme urusa chum cach uilc, mar dhuine can egla aen
neith air agus can chomas a dhlighidh na cheirt fein aici. An
p.151
treas mhodh: ata se lesc toirrseach chum cach uile mhaitheasa
agus do-bheir sé dimbrigh agus an-umhla i ncach uile aithimradh
agus tarcaisne do-bheirar air. An ceathramhadh modh: ata
se mar dhuine chuthaigh ac denamh forbhfailti don olc agus
5]
nach toirrsighinn agus nach caoininn an mhaith do leic thairis
tre mhaidneachtnaidhe. An cuigeadh modh: ni fhuil se acht
mar iomhaighi a mballa nach féadann maith ar domhan do
dhenamh lena ceadfadhaibh, oir ni chuirind se a shuile co brath
do chaoineadh a pheacaidh, naid a chluasa do eisdeacht a lesa,
10]
na a bhel na thenga do labhairt an raeda mhaith, agus ní
chuirind a lámha naid a chosa dochum a riachtanais a lesa,
na a chroidhi dochum smuaintighthi ionmholta, agus ni
ullmhaighinn a chorp dochum foghanta. An seiseadh modh:
ata se boghar dall dochum cacha maithisa, iondas nach faghann
15]
se solas maith a ni da faicind na da n-eisdeadh. An seachtmhadh
modh: {MS folio 48b1}nach faghann sé blas ar gairdiughadh shaeghalta
na spioradalta. An t-ochtmhadh modh: nach mó ata sé ina
eire air fein na ar a chomarsannaibh agus ar lucht a thuicseana
co léir. An naomhadh modh: atá sé tarnocht ro-dhaidhbhir
20]
afhus agus arna fhaghbhadh ona neithe glordha. An
deichmheadh modh: ni mó atá toirrsi na beatha neamhdha
do leic se thairis tre mhaidneachtnaighi air, agus ní fhuil egla
pheine ifrinn atá aga h-ullmughadh do air. Seachainsi maseadh
o cach modh in leisci do-bheiradh ort anns an bethaidh abhus
25]
cach uile bhlas atá is in bethaidh neamhdha do leigin thort.