Corpus of Electronic Texts Edition
Instructio Pie Vivendi et Superna Meditandi (Author: [unknown])
section 18
DE VANA GLORIA .i. DON GHLÓIR DHIMHAIN.
Agus da ti si at chroidhi ata si gaethmhar so-indarbtha agus
na creid di. Agus tic an chair so co minic ona h-oibrighthibh
mhaithi an tan do nithear iad {MS folio 46b2} tre fhuar-chrabhadh do
10]
iarraidh na glóire dímhaine, no ma thinnscnais o indtinn mhaith
ar tús hé agus gurab toil leat a fhoillsiughadh fa dheireadh
atá sí dimhain, no ma mholtar thu as do dheagh-oibrighthibh
agus tú fein aga ghabháil sin chugad ana ghlóir atá sí fós dímhain.
Agus cidbe neach do bhí ag dénamh urnaithi no duthrachta
15]
agus co ndubhradar a smuaintighthi ris, da faice nech do chai
mhór agus do dhuthracht uaingeach, do chuirfidh sé do
mhaitheas agus do dheagh-oibrighthi os aird, iondas co
mmolfaidhthi o chách thú. Agus ma do chonnaimh in duine
bocht na smuaintighthi so maille re toil ata in ghlóir dhímhain
20]
co folaightheach ina chroidhi, agus muna faghbha se aithrighi ann
sin, diberthar on gloir mharthanaigh hé. Is urusa cathughadh
reis an teidhm so o mhodhaibh iomdha, da tucair dot uigh
co h-indtinneach cat is freamh no is cailidheacht don ghloir
dhímhain. An chead mhodh: oir cuiridh indtinn toileamhail
25]
na coiri so cach uili mhaith a neamh-nidh, oir do ní fear an
fhuar-chrabhaidh ainti agus urnaidhthi agus fuirechras agus
a cosmhaile mar do ní an firen, agus ní h-ionann indtinn doibh,
oir atá indtinn na glóire fire ag an firen agus indtinn na glóire
dímhaine ac fear in fhuar-chrabhaidh, oir is do reir a indtinne
30]
breathnuighthear gach aen. Masa duine ecnaidhe tú, is follus
duit corab mor an bhuirbe do neach cach uili mhaith do leicin
uadha ar son dímhainis a indtinne. An dara h-adhbhar: atá
ro-bhorb re tuicsin, do shaethar agus do mhaitheas uile do chur
a ndeithiti na tenga ag iarraidh an mholta bhreigi ma maith
35]
na h-oibrighthi, no in aithimradh ma olc: oir mar bhis in ghaeth
leat no at aghaidh, no an mallachadh no an beandachadh, no
p.143
an bigsimhain a' gluasacht le gaith no le sith, is mar sin bhis
an tenga ac oibriughadh co dimhain at aghaidh no leat. Tusa
iomorro, ma chreidi damhsa, cuir t'oibrighthi agus do
smuaintighthi co leir a llaimh t'fhir phosta .i. Isu Criosd aiseogas
5]
duit iad agus a da chead oired rena cois. An treas adhbhar:
tigeamhaidh gurab duine bocht tu nach feadann moran deachair
do dhenamh ar do shaethar, maseadh na mill in beacan ata
agad ar neimh-ni, acht coimhead co h-inill hé: oir da tuiti fear
an chonaich, beith morán aigi thocfas he, agus da tuite in bocht,
10]
ni fhuil aigi fear a thogbhala. An ceathramhadh adhbhar:
damadh laidiri tú na Samson ni fheadfa do pheacaidh fein do
scris choidhchi gemadh beg iat, acht le grasaibh an Tighearna,
agus da tucair dot úigh so co h-ecnaidhe, ni bheir dimhain at
oibrighthibh fein choidhchi. An cuigeadh adhbhar: bith ecla
15]
ghnaith ar fear an fhuar-chrabhaidh agus ni bhi ciunas co
brath aigi, ar ecla co millfedh sé in ghloir fhuair sé o shaethar
mhór, tusa iomorro, ma sduidearas co firendeach, do cheimnighis
co h-indill, agus ni fhuil ecla molta na tathaire ort. An seiseadh
adhbhar: da ngabha galar no naire fear in fhuar-chrabhaidh,
20]
tuitigh a aimsir o sin amach a searbhas{MS folio 47a1} agus a toirrsi,
agus an ghlóir dhímhain do bhí aigi ina ghairdeachas téit si
uadha co dochraidh in tan sin, tusa iomorro, ma bearar ort
a n-oibrighthibh mhaithi, ní théit aen raed uait, agus ma do
ghabh neach eile eisiomlair uait, is tarbhach duit hé. An
25]
seachtmhadh adhbhar: in ghlóir atá ac Dia fein gan roind
dob áil le lucht na glóire dímhaine a faghbhail mar ghadaighibh
no mar shladaidhaibh gan truailleadh, amhail adeir Iob, quae
est spes ypocrite si avare rapiat .i. cread in doigh ata agad,
a fhir in fhuar-chrabhaidh, do rindi in t-sladaidheacht
30]
th-sanntach, acht pian ifrin bhias agad phianadh tre bithu
sír? Tusa iomorro, tabhair glóir mharthanach do Dhia at
oibrighthibh, iondas co coimheada do thoil mhaith in sigh
indut fein, amhail adeir an Soisceal, gloria in excelsis Deo
p.144
et in terra pax hominibus bonae voluntatis .i. glóir do Dhia
is na h-ardaibh, agus sígh do lucht na cain toile a talmhain.
An t-ochtmhadh adhbhar: oir is mór in dith agus in espaidh
loighed an t-saethair agus na deithidi do nithear dochum na
5]
gloiri marthanaigh agus ro-mhéid in t-saethair agus na deithiti
do nithear dochum na gloire dimhaine. Agus co fírindeach
ní fhuil acht neimh-ni is in glóir dhímhain a fiadhnaisi na glóire
suthaine. Agus da tucair so dot úigh co tarbhach, seitfir in
ghlóir dhímhain uait mar chaith shalach eadtruim.