Corpus of Electronic Texts Edition
Instructio Pie Vivendi et Superna Meditandi (Author: [unknown])
section 17
DE SUPERBIA .i. DON DIMAS.
Agus da mothaighthar a ndoras t'inntinne he, na h-oslaicc
doras do chroidhi roimhe choidhchi, oir is maille h-imarcraidh
30]
lina bhis se. Tic se co minic o uaisle an chinigh no o neart
no o shochraidheacht no o eagna no o ghrasaibh eigin ele. Is
coir teacht ina aghaidh o résunaibh{MS folio 46b1} iomdha. An chead
reasun: nach fuil ni ar bith agad fein acht iasacht agus faighdhi,
agus gemadh uait fein fos do ghebhta a fuil agad, dobo iomdha
p.141
espadha ort, agus o nach fuairais aen raed uait fein, is ro-mhór
t'airlicthi .i. a thesta uait agus a fuil agad. Maseadh madh
ail leat in ghlóir do dhénamh as do ní fein, na déna as na
h-airlicthibh hi. An dara réasun: smuain do shír crioch cach
5]
neithe dibh so, amhail atá an duine uasal no sochraidh no
ecnaidhi ciondas bhias a chrioch? Agus gabh t'eisiomlair
as in géisachtaidh do ni díomas as a h-earball agus umhla as
a cossaibh. Corab aire sin dearbhthar corab ainglica in duine
nach denann umhla as a chrich na in phécocc. An treas résún:
10]
is é in neach is mó do gheibh is airdi cuntas, da dhearbadh nach
leis fein aen raed, uair ní bhí cuntas ar neach as a raed fein.
Maseadh na h-arduigh as do neithibh choidhchi, acht umhluigh
dochum an chuntais. An ceathramhadh résún: cach airdi
da mbeith na tinnlaicthi, is cóir ardughadh ar grádh in tí
15]
do-bheir duit iat. Da reir sin bi ullumh dochum buidheachais
agus dearmaid an diomas o nach ar a shon fuarais aen raed.
An cuigeadh reasun: na daine ardaigheas iat féin as na
tinnlaicthibh, isleochar on breithemhnas fhirenta iat, oir gach
aen arduigheas é fein, isleochaidh Dia é agus baidhthear a n-aicén
20]
ifrin he maille ris in Diabhail ndiomsaigh. An seiseadh resun:
cidbé chonnmhus i n-umhla na neithedh so do gheibhthear
na gairdighthi naemhdha astu, oir airdeochar an t-umhal
agus do ghebha glóir fhirindeach maille ris na naemhaibh. An
seachtmadh reasun: ma do chitear duit corab maith na neithe
25]
tuitmeacha diombuana so in t-saeghail, is cóir duit mes ro-ghear
ar na neithibh mharthanacha ghlormhaire. Tuic maseadh
os tre shaethar agus tre dheithiti ro-mhóir do gheibhtear na
neithe aimseardha diombuana, corab mór agus corab ro-mhór
in saethar is indénta dochum na neithe marthanach nglórmhar.
30]
An t-ochtmhadh reasun: nach fuil a fhis ac neach ca fhad
leicfidhthear na neithe so duit, gurab aire sin adeirmait in mhéid
gairdighthear neach is na neithibh so, is i an méide sin islighthear
e ona ndul uadha, oir gach airdi da mbiadh an ceim, is moidi
an tuitim. An naomhadh reasun: mar nar choigill Dia dona
35]
h-ainglibh agus iad ar neimh, is lugha na sin choiglis é duitsi
p.142
ad chre agus ad luaithredh agus tú ar talmhain, oir is mó is
so-fhulaing an dimus is in duine chonáich na is in duine bhocht,
cin corab mi-fhulaing a ceachtar aca e. Ma chuimhnighisi
na neithe so co toileamhail, rachaidh cach uile chumhacht an
5]
pheacaidh od chroidhi mar dheataigh.