Corpus of Electronic Texts Edition
Instructio Pie Vivendi et Superna Meditandi (Author: [unknown])
section 15
DE HABITU CORPORIS .i. D'AIBIT IN CHUIRP.
Agus is coir aibit in chuirp do choimhead co friochnumhach,
iondas na bu fhollas ann ni do bhearadh naire do neach ele.
30]
Is uime sin aithnim dit gan do cheimniughadh do bheith eadtrom
na bogcuisech utmall na scailteach, acht bidh se min trom
p.139
cobhsaidh agus mall mesardha naireach. Agus na bidh do
chorp neamh-chobhsaidh agus na salchadh e, agus bidh se
deisgribhdeach ceart riaghalta. Agus na bith do shlinden
direach na sesmhach, acht co mesardha isil crom, agus na bith
5]
do mhuinel co sduaghamhail, acht connaimh so-fhillti he. Na
bith do cheand ina roth, acht co cobhsaidh crom umhal
measarrdha. Agus na bith t'aghaidh luaimneach eatrom
amh-naireach, acht coimhneartuighthe, mesarrdha, aentadhach
agus co neamh-urchoideach. Na bith t'eadach co deallruightheach
10]
na co h-imarcrach, acht co lor agus co mesarrdha.
Agus na bith adhbhar h-eadaigh mor-luaigh na dearoil, acht
co coitcheand agus co meadhonach: agus na bith h-eadach
salach na ro-shochraidh na deallruightheach, oir foillsighidh
eadach dibh so mainneacht naid ilar glormhaire, agus foillsighidh
15]
aroile dearoili agus inisli, agus ata an ghloine ro-mhor no an
salchar dochraidh an-iomchubhaidh don chailligh dhuibh. Na
bith h-eadach ro-fhada, oir iss {MS folio 46a2} dochraidh scuab ar eadach
na caillighi duibhi, agus na bidh sé ro-ghearr, acht arna thomhas
co meadhonach. Agus na bidh do bhroca ro-chumhang na
20]
ro-sciamhach, acht co fairsing deagh-ordaighthi. Na bith
cengul na peintiuracht examhail ar do chris na ar t'asan na
ar iadha do mhuinchilli, acht gradhuigh an ní coitcheand orra
so uile, agus na bith examhlacht agad orra so i n-examhlacht
ionmholta. Na déna ro-shubhachas le lucht an t-subhachais,
25]
na ro-dhubhachas le lucht an dubhachais. Agus na claitear
thú on aibriseocht, agus na h-arduigh tú fein ar ciunas da fuighir.
Adeirim rit i ncach uili aimsir agus i ngach uili mhodh bí ar
nad thegasc indut fein a comhartha na subhailci a cruth na
foirbhtheachta. Na tigidh dit oilbheim na scannail do thabhairt
30]
do lucht an-cheartuighthi, acht treoruigh iad ot eisiomlair
fein dochum na neithe is ferr. Agus da coimhéadair co
friochnumhach mar so na ceadfadha amuich, is cóir co
coimhéadfair co foirfi na ceadfadha astigh, agus is trit na
coimhéadaibh so coimhéadtear in croidhi co ro-fhoirfi.
p.140