Corpus of Electronic Texts Edition
Instructio Pie Vivendi et Superna Meditandi (Author: [unknown])

section 14


30]

DE TACTU .i. DON TAGHALL.


Agus seachain ar tus do lamha o gach uili ni neamh-cheaduightheach.
Maseadh na tabhair agus na gabh aen raed gan chead
dot uachtarán, agus na h-oibrigh aen raed gan chead do. Agus


p.138


na taghaill ben, gemadh gael no gemadh arrsaidh no cemadh
craibhdheach hi, agus na glac a muinel na meadhon. Agus
na faisc a lamh, agus na sil ina h-aghaidh hi. Gach ni narbh
ail leat do dhenamh do dhuine duit, na dena fein ar neach ele
5] é. Is i do fhreagrasa iar so .i. ni h-ail lim in bharamhail sin
do thabhairt damh, oir ata mo chogus daingin. Is é mo fhreagra
ortsa ann sin .i. gin co dein se dighbhail duitsi, co ndingna dod
chompanach no dot chomharsain. Cin co dearnadh sé dighbhail
d'aen neach, atá sé mi-ghnéitheach re dénamh, amhail adeir in
10] t-apstol, seachain sibh fein ar gach uili ghné don olc, agus ni h-ar
in oibriughadh ndi-mholta amhain, acht ar a ghneithibh eili.
Da dhearbhadh sin, cach uair do bheirir scannail do neach
eili, is tu féin do dhamnas co sunnradhach. Corab aire sin
aithnim dit gan tu fein agus fear do bheith a n-uaingis libh
15] fein, gemadh gael he no cemadh craibhdheach. Agus na
dena comharthadha iomdha oir foillsighidh sin na mna do
bheith folamh. Agus na h-abair briathra naid nathain iomdha
idir na comhurthadha so asa tuicfidhi dánacht na folmhachta
agus in mi-chrabhaidh ort. An tan bhus a' comhradh, na
20] sín do mhéar, agus na dena amhailthi leat lámhaibh. Agus
na glac a sliasta, agus na glac a n-aen ionad hi, ar son co
foillsighid na comharthadha so in bhen chrabhaidh do bheith
bras no amh-naireach. Na sin do lamh dochum aen duine
choidhchi, agus na faicthear nochtuighthe hi, acht maille re
25] h-eigintais, oir dlighi in bhen chrabhaidh beith daingin nairech
do chorp agus d'inntinn.