Corpus of Electronic Texts Edition
Instructio Pie Vivendi et Superna Meditandi (Author: [unknown])
section 11
DE TACITURNITATE .i. DON TAST.
Maseadh tabhair grádh don leightheoireacht agus don
25]
urnaighi agus tabhair don t-silens, oir is i so buime agus eochair
agus coimhéad in chrabhuidh uile agus na subhailci co leir.
Corab aire sin adeir Augustin, curab he in tast maith funndaimint
gach uili chrabhaidh, agus gan murmar agus gan leisci ar fear
a dhéanta. Agus na bith eagla anfaindi do chuirp na do chind
30]
ort is in t-silens, oir ni dhein se urchoid do neach ar bith acht
lucht an mhurmair no na leisci, no dona dainibh ata buaidheartha
o smuaintighibh dhiomhaine, no dona dainibh bhriathracha.
Maseadh creidsi co ndein in silens furtacht do lucht na toile
p.134
maith agus co ndaingnighind na h-anfaind agus co ndein
forbhfailti dona dainibh thoirrsi agus co ndein comhfhurtacht
dona dibeartachaibh agus co sasann se na h-eslann agus togbhann
na daine thuitmheacha agus co lasann na h-urnaighthi agus
5]
co ngradhaighind na smuaintighthi agus co n-ardaighind lucht
an indtsamhluighthi, amhail adeir an faidh .i. in silentio et
spe erit fortitudo vestra .i. is a tast agus a ndochas do ghebhthai
neart, agus ni dubhairt se bhur n-anfainde, na bhur n-eslainti
ann so. Adeir Ieremias, bonum est viro cum portaverit iugum
10]
Domini ab adolescentia sua .i. is maith don fhear imchuiris
cuing in Tighearna as a oigi. Suidhfidh in duine bhes ana
aenar agus do dhena tost agus eireoch{MS folio 45b1}aidh fein os
a chinn fein agus sailteoraidh se ar na neithibh thalmhaidhi
agus chorpardha ac smuaineadh na neithe milis flaithemhtha
15]
ina shilens uaigneach thorthach fein. Tabhair dot úigh anois
an mhéid fhoghnas an silens buidh trocuireach, agus a dénann
imarcraigh an chomhráidh do dhighbhail, agus bith a dheimhin
agad cidbé smuaineas a pheacaidh fein agus pian ifrinn agus
a chrioch dhéighinnach do shír agus glóir fhlaithemhnuis
20]
Dhia o indtinn lasamhail, saindteochaidh se co h-indtinneach
o thoil in chroidhi silens milis agus uaingius inntinne. Agus
dobadh ionann le lucht an t-silens fhirindighe a cur dochum
bais no dochum dorais ifrinn bhuan re comhradh na re casaibh
saegalta. Oir tuicidh an indtinn ata arna beandachadh do
25]
Dhia nach féadann si na gairdighthi neamhdha agus na neithe
domhunda do thagmhang a n-aein fheacht. Bisi maseadh,
a bhean phosta Chriost at aenar ag tabhairt grádha don t-silens,
iondas co coimhéada tú tú féin do Dhia ina aenar, os é do
thoghais ana aenar tar chách uile. Agus bith a fhis agad co
30]
fuil fear pósta naireach agat, agus nach ail leis e fein do
thaisbenadh duit a fiadhnaisi caich. Agus créad ata duitsi, a
bhean phosta Chriost ris in cethirn agus re h-imarcraidh an
p.135
chomhraidh, acht beith ag scelaidheacht agus a' comhradh rit
cheile mhilis fein agus at smuaintiughadh agus at urnaidhi?
Oir mar nach féadann in t-aen tobur amháin sruthain iomdha
examhla do thabhairt as, ni fhéadann in t-aen bhél urnaidhthi
5]
mhilis agus diomhaineas comhraidh do thabhairt uadha.