Corpus of Electronic Texts Edition
Instructio Pie Vivendi et Superna Meditandi (Author: [unknown])

section 9

DE LOCACITATE .i. DON LABHAIRT.


30]

Oir is coir an bel agus an tengha do choimhéad co maith
o gach uili dhroch chomh{MS folio 44b1}radh, mar ata ithimradh
agus murmar agus crossanacht agus celg agus moladh bhréici
agus tarcuisne agus brég agus eithach agus aithis a nDia no


p.129


a nduine agus mi-chlu agus a cosmhaile. Bith a fhis agad, a
dhuine, os éicin résun don bhreithir dhimhain ele la na breithi,
curab cruaidh agus curab ro-chruaidh don droing so adubhramar.
Maseadh, madh áil leatsa buaidh do bhreith, na suigh a fochair
5] na droingi so aca fuil cloidhimh gear tri faebhar dochum do
bhuailti mharbhas triur do cach buille .i. iad fein ar tús, in
tan fhoillsighit a mbeith folamh on grádh, agus lucht a
n-eisteachta ann sein mharbhas an grádh bhis aca, agus an
lucht ar a ndentar he acc marbhadh a clú. Bid drong ele ann
10] fholchas a n-ithimradh agus is edh adeirid, ni aibermaisne ni
re dainibh eli orra so, agus in t'iúl do chualabhairsi is fír e,
agus cidh inmhain linne iad, ni fhéad a ceartughadh. Agus
adeirid drong ele aca, is deimhin curab maith in lucht chrabhaidh
iat a morán do mhodhaibh, agus atait siat an-umhal mi-dhuthrachtach
15] do-cheartaighthi a modhaibh eile. Adeir drong
ele curab mór in dighbhail a mhéid do t-saethair agus do
shubhailcibh maithi ata indta sut agus iad aca milleadh ar
beacan. Seachainsi, a dheiscibal ghradhach, co duthrachtach
nach fadhthar tú is na lochtaibh so, amhail adeir an t-egnaidhi,
20] quia corrumpunt mores bonos colloquia prava .i. co truaillit
na comhraiti saebha na besa mhaithi. Maseadh na tarra tar
lochtaibh na tar maindeachtnaighi duine re duine ele, acht
muna ticir ris fein aca theacasc co trocaireach, no aca
cheartughadh a fiadhnaisi morain, no ac furalamh a cheartaighthi
25] ar in uachtarán, no ar nech eile aca fuil cumhachta a cheartaighthi.
Dena a fhurtacht ar gradh Dhia co cairdemhail mar fhear
ghuasachta móir, agus muna derntar mar so he, ata se ana
mhurmar agus ina ithimradh. Atait drong ele dibh ac dítin a
locht fein agus nach scuirend a ghearan agus a mhi-chlú a
30] companach. Agus na indtsamhluighsi tu fein riú so, agus
narab ail leat tú fein do fhaicsin ionmholta choidhchi o thathair
duine ele. Agus na bí gairsemhail na garramhail, agus na
bí ac aithris na neithe nuadh agus ac tuirimh neithe ndiomhain
maille re bhriathraibh blaithi, acht mol neach co coigiltach,
35] agus tathair ni is coicilltaighi da ndearnair, oir is o imarcraich
an chroidhi labhras an bél, ar son co foillsighthar ar briathraibh

p.130


in duine ammuigh ciondas bhis sé astigh. Corob aire sin tuicter
da labhra in duine co toileamhail do chailidheacht an bhidh,
a bheith craesach, agus da labhra d'fhoirm agus do chail na
mban, fer druisi sin, agus da labhra do ghael agus do chonach,
5] in diomas sin. Da labhra d'oibhfici agus d'anóir agus do
phrelaideacht, sainnt sin[semi ] agus dona h-anndlighibh do rindeadh
do fein, feargach sin. Da labhra d'airdi caich agus da
tharcuisne fein, tnuth sin. Da labhra d'fhuath agus d'asaenta
caich, fear ficha hé. Da labhra do ghniomh no do thathair
10] na prelaiti, murmar sin. Da labhra d'imarcraigh in
cheartuighthi, duine righin no ro-chruaidh no suarrach uime
fein sin. Da labhra d'fhanamhad no do neithibh étroma,
duine utmall folamh sin. Da labhra se brec co h-urusa, bás
anabaidh sin. Ma fear luighi do thabhairt co dian no co
15] toileamhail he, no ma fear eithigh, na creidtear do. Ma neamh-fhoighideach
hé, fear as-urramais agus {MS folio 44b2} duine so-fhuathuighthi
sin. Ma mian lais na neithe saeghulta, duine
damunta hé. Cidbé bhes maindeachtnach no toirrseach dochum
na ndeagh oibrighthi, duine leasc sin. Cidbé bhes ullamh
20] forbhfailteach dochum na n-oibrighthi ionmholta, duine
duthrachtach naemhdha he. Arna chloistin sin duit, teith
an raed agus caoimhain an t-anam. Ar egla co fuighthi so-thathaire
thu ona neithe so adeir, coimhéad do bhél agus do
thenga o gach ní dho-cheartuighthi dho-mhúinti. Agus is
25] tarbhach duit thú fein do sheachna ar na comhráitibh sin.
Agus na bith do mhuindtearas re dainibh bhrasa, na re leanbhaigh,
na re dainibh an-egnaidhi, oir adeirid co neamh-fhechsinach
a mbeith ina n-oilibh. Tabhair dot uigh do chomhradh do
bheith tostanach, ciuin, silensach, beac, isil, tearc, blasta, iondas
30] co tigmhuigheadh co tarbhach a chach, agus co mbia se arna
thomhas o mhéid na deiscribhdi co coitcheann agus gan beith
bras na díomhain na feargach na caindteach. Na bi a' gabhail
leith-sceil dot bhriathraibh fein agus ceartaigh briathra cáich,
agus na tathair cách, agus muna dearnair mar so, ni h-aimsir
35] amháin do mhillis acht do phecaighis co trom. Tabhair dot

p.131


úigh curab a laimh na tengadh atá bás agus beatha: bás in
tan adeir si an t-olc agus dhiúltas an mhaith, beatha in tan
adeir si in mhaith agus dhiultas an t-olc. Curab aire sin is
coir urnaighi agus fuirechras do dhenamh amhail adeir in faidh
5] .i. pone Domine, custodiam ori meo et ostium circumstantie
labiis meis .i. cuir coimhead ar mu bhél, a Thighearna, agus
duin mo dhoras do thoirmesc an aindlighe iondas co ticair iul an
neith aderaind damh, agus ciondas aderaind he, agus ca h-uair
aderaind, ar egla mo ghabhala o ghaisthighibh mo bhéil fein.
10] Tegmhaidh fos moran do naimh agus do lucht chrabhaidh
do bheith ar lasadh do dhuthracht agus do ghradh ac tinnscaint
a comhraidi agus co n-abraid no go n-eisdid ni asa n-imthighid
folamh toirrseach leasc. Da madh neithe ghrasamhla no spioradalta
do cheimneochadais, is ar lassadh do ghradh agus do ghairdeachas
15] do imtheoghadais. Smuain co friochnumhach, maseadh, a
fuil do ghuasacht agus d'ecla is in comhradh da gach aen le
madh mian beith co maith. Gurab aire sin comharlighimsi
duitsi t'anam fein do shlanughadh co h-inill agus seachain
na neithe so adeir in meid fetfair do choimhead do shitha.