Corpus of Electronic Texts Edition
Instructio Pie Vivendi et Superna Meditandi (Author: [unknown])
section 7
DE AUDITU .i. DON EISTEACHT.
30]
Oir is coir na cluasa do choimhead gan mbeith forbhfaeilteach
na ullamh na fuaranach na gabhaltach na cicrach dochum
gach comhradh. Agus na h-éistedh co h-indtinneach fabhaill,
p.127
na nuadheacht diomhain ele, na crossanacht, na mi-cheadfadh,
na murmar, na ithimradh, na comhrádh saebh. Oir grisaid
lucht na n-eisteacht toileamhail na neithe ndíomhaine dochum
athroithi. Gurob aire sin adeir Ieronimus, si non esset auditor,
5]
non esset detractor .i. muna beith in t-eisteacht, ni bhiodh
in t-athimradhach. Bith a fhis agad maseadh, da ndeachmais
o eisteacht an ithimraidh nach beth se ann, or dobo ecal leo
sinne agus ar mi-rún dochrach dochum in inndechtha. Oir ní
fhuil aen ní anns an indtinn neimh-chiuin etroim sho-ghluaisti
10]
is mesa na creitimh ro-urusa do cach aen ni, agus briathra
lucht an ithimraidh do lenmhain o indtinn mheardhanta, amhail
adeir Bernard, detrahere an detractorem audire, quid horum
dampnabilius sit non facile dixerim .i. ni h-urusa leam a
bhreathnughadh cia is mo dochoir, in t-athimradh do dhenamh
15]
na d'eisteacht. Na bí do chluas, maseadh, a chailleach dhubh
ata ana mnai phósta ac Criost o 'tai si arnad choisreceadh co
foirfi, ar ti a salchadh agus a truaillighthi agus a tuitme o
Dhia ar mhian na neithe ndiomhain trom peachthach so-thathaire
so, agus seachain iad mar neimh marbhthach no
20]
mar chloidhimh da fhaebhar. Gurab aire sin adeir an t-ecnaidhi,
sepi aures tuas {MS folio 44a2} spinis ne audiant linguam nequam .i.
dena daingen don spin fad chluasaibh eadrat agus aingidheacht
in chomhraidh, agus dena cearcaill d'aithrighi agus d'ecla
Dhia timchill do chroidhi eadrat' acus cloidhimh na tri faebhar
25]
fhadhbhas tú on gairdeachas t-suthain. Agus an croidhi aithnis
searbhas a anma fein, ní leigenn sé gairdiughadh comhaithach
ann, mar atá fear an aithimraidh arna fhadhbhadh on conach
flaithammtha nach leicend croidhe indraic in fhirein chuici. Na bi
mar bhoigsimha acad ghluasacht o gach uili chomhradh leis gach
30]
aen ghaith: agus na claen dochum na n-adhmholta mbreigi
agus na tabhair a chonaich fein d'aen neach da ndingna tarcuisne
na tathair ort, agus na gluaiseadh fearg na díomhainis ele thú
do bhuaidhridh do shigha. Na bogadh do chluas o bhindis
p.128
na canntaireachta ni is mó na on tex gan cheol, amhail adeir
Augustin, quotiens plus me delectat cantus quam id quod
canitur, totiens me penaliter peccasse confiteor .i. gach uair
is bindi lium in chantaireacht na an tex, admhaim co peacuighim
5]
co pianamhail. Ma tá so ina chin, is doigh linn is mor an choir
do ni an eisteacht na cruitend agus na timpán agus na n-orgán
agus na liuit agus na ngitarn agus na mbuabhall agus na
n-adharcch agus na sughradh agus na mbindis mbaeth ndíomhain
ele. Tusa iomorro, madh ail leat ceimniughadh do dhénamh
10]
d'indtinn ghloin dochum molta na naemh agus na n-aingil
ata lán do bhindis agus do ghlóir, diult gach uili dhíomhainis
an-imchubhaidh uaitt.