Corpus of Electronic Texts Edition
Instructio Pie Vivendi et Superna Meditandi (Author: [unknown])

section 2

Dona ceithri sithaibh dligheas in duine sunda.

DE QUADRUPLICI PACE .i. DONA CEITHRI SIDHCHANUIBH ann so.


25] Or is h-eigin duit, madh áil let inghean Dia do radh rit, ceithri
sídha do bheith agud, mar ata, sidh Dhia ar tus agus sidh do
phrelaidedh post agus sídh do chomharsan agus do shídh fein.
Is h-eigin duit do shídh re Dia o thri modhaibh .i. na peacaigh
d'fhagbhail ar tus agus oibrighthi mhaithi do dheanumh co
30] fearamhail agus beith marthanach fuirechair inntu, amhail
adeir in salm, declina a malo et fac bonum et inhabita in seculum
seculi .i. sechain in t-olc agus dena in mhaith, iondas co
n-aitreabhtha in talamh marthanach tre t-shaeghal na
saeghal nach eidir do aitreabhadh acht tre luaidhigheacht in
35] oibrightheth mhaith agus tre foirfeacht na subhailci. Gurob


p.111


aire sin adeir Ysayas in t-olc do sgur agus in mhaith do dheanumh
do chaithimh maitheasa in talmhan ar bord chonaigh na gloire
suthaine. Maseadh is h-eigin gach uili locht do sgris dh'athnuaidheachadh
shídha Dhia agus beith {MS folio 40b2} marthanach co crich
5] deighinaigh do bhethadh a n-aithrighi foirfi do pheachaigh. Is do
lucht an t-shídha so tairgeas Dia a shídh ghrasamhail fein in tan
adeir, pax vobis .i. sith maille ribh, a dhaine, do fhagaibh in
peacadh a rabhabhar cosin trath so dealaighthi mar dhainibh
choinel-baiti. Pacem meam do vobis .i. tinnluicim mu shith
10] dhileas daibh, a dhaine, do thinnscain in mhaith agus anas
innti, or is trid in sith so beithi ar bhur furtacht co milis o
inntinn shoineannda do dheanumh na neitheth is ferr. Pacem
relinquo vobis .i. fagbhuim mu shith ag na dainibh ata foirfi
is na h-oibrighthibh mhaithi, agus is trid so do ghebhad in
15] t-shith shuthain tre n-aitreabhaid flaitheamhnas Dhia. Is
follas as na briathraibh so mar do nithear sídhchain in anma
naemhtha re Dia. Agus don neach so adeir taircthear an
comartha síthchánda so: na daine thinnsgnas in mhaith do
dheanumh, do-bherar in sith so mar fhurtacht doibh: na daine
20] anas co marthanach anns an maith, do-bherar in síth so doibh
do ghnath. Corob aire sin adeir, madh áil let do línadh don
t-shith, seachain uili na peacaigh agus bi co marthanach co nuici
an chrich ndeighinaigh is in maith madh ail let toil do
Chruthaidheora fein do dhenumh. Agus da ndearnair so, beir
25] maille re Dia co milis a síth chonaich agus a ciunas indtinne.
Agus bith sith mharthanach agud red phrelaidibh agus na
len a ngniomhartha, agus na h-eisd co h-urusa a mi-bhésa agus
na sgrúd a ndroch slighthe agus na tathair a n-oibrighthi. Ma
maith a mbesa, loigh co h-umhal fona smacht agus bi co
30] duthrachtach ina n-aithintibh, agus na h-eirigh ina n-aghaidh
ar egla truaillighthi in t-shítha agus co racha a n-aghaidh Dia
mar ainegnaidhe, os ann fhreamhaigheas na h-uile chumhachta,
or ge dearndais seachran co minic, is cóir a saeradh ar an méid

p.112


bhios ar a n-aire. Da faicir mi-chraibhdheach co minic iad,
tabhair th'aire co ndubhairt Pedar nach edh amhain is cóir
umhla do thabhairt dona dainibh mhaithi agus mhodhamhla
ar son Dia, acht dona dainibh sgailteacha do cruthughadh
5] lais. Gin co h-airdaiged siad thú féin i n-oific na a cumachtain,
na h-eirigh ina n-aghaidh acht a n-anoir d'ardughadh trit
sin mar ughdaraibh coimhéadta dot shítha, or gebe ata fai
phrelaid, ni fhéadann se gearan ar bith do dheanumh da
leictear do co ciuin sa chlaustra gan oific: or is tre beith gan
10] oific do gheibhid lucht in chrabhaidh fhiri síth agus ciunas
inntinde, or ni bí brigh ag an craibhtheach fhiri fana chur as
{MS folio 41a1} a oific mar chomhuigheach no mar lucht ainfhis no
dhíomhainis, or is mar so do gheibhid siad millseacht in t-shitha
agus soinenndacht in chiunais ni is inille agus ni is socamhla.
15] Mata blas agad ar na neithibh so, no ma roinn tú dibh, sduidear
thú féin do indtsamhlughadh riu. Bith sith agad red chomharsanuibh,
agus déana mar so .i. ma do sduidearas gradh do
thabhairt agus do fhaghbhail no thú féin do bheith blaith
so-ghradhach ris gach nduine, iomchuir eslaintedha do sheathrach
20] co foighideach agus co toileamhail, agus na damuin agus na
tarcuisnidh ben sgailteach na fheargach, na chiuin na neimhchiuin,
na chraibhdheach na neimh-chraibhdheach, or ni fhuil
a fhis agadsa ciondas bhes sí a fiadhnaisi Dhia. Bí caoinfhuarach
ris na h-uile, agus na bith blaith re h-aen duine, agus
25] bidh beacan do dhainibh mhuindteardha agad agus bí comhthrom
do gach aen duine agus indtsamhluigh thú féin ris in lucht
chraibhdheach agus seachain lucht an mhi-chrabhaidh agus
oibrighthi na mban ele do sheachna agus t'oibrighthi féin do
tharcuisneachadh agus tabhair síth dona h-uile, amhail adeir
30] in salm, cum hiis qui oderunt pacem eram pacifica: cum
loquebar illis impugnabant me gratis .i. na daine ar ar bec in
t-shith do bhadhas sidhchanda riu, agus in uair do labhraind
riu do chuirdis chugam gan adhbhar. Da tegmhadh co racha
ó mhuindtearas na mban dob inmhain let o chuis résunta
35] h-éigin, na dena fearg na comhradh gruamdha riu, ar egla co

p.113


n-inseocha fích no fearg inntu do bhuaidhreadh bhur sith.
Leig so thort co h-inill mar nach beith se ar do mhenmain,
agus tarraing uatha co mín tú féin do choimhéad in t-shitha.
or ni fhéadtar Dia d'fhaghbhail acht is in t-shíth. Na doirt
5] mian do chroidhi fein a ngradh duine ar bith, ór rachaidh bhur
síth amugha o dhighbhail an ghradha dhíomhain dhiombuain
sin. Maseadh, na tabhair gradh do nech ele acht do Dhia uilechumhachtach.
Agus mas ail leat in gradh so do bheith agad,
ni bhéra tú ar Dia, ór ni raibhi an gradh so go lor ag neach riamh,
10] agus masa doigh let gradh Dhia do bheith agad a cenn gradha
ele, ni rugais air mar sin. Indto co trocaireach, maseadh,
chum an ti ata ina shith fhirindeach, agus fagaibh co sidhchanda
na daine ag nach fuil in t-sith. Da ndearnair so, beidhir co
sidhchanda maille re lucht an t-shidha. Bith síth agad rit
15] fein anois, agus is amhlaidh bhias tu, do diultadh fein, {MS folio 41a2}
agus gradh do thabhairt don bhochtaine agus don tarcuisne,
agus ma do theasta ní dibh so uaid, ni bhia sith foirfi agad,
agus, dá rabhaid na neithe so agad agus gan an gradh agad
ni tharbhaighind, ór ni hi in bhochtaine na in dearoile acht
20] a ngradh gheinis in síth agus oilis agus choimheadás i. In
uair moitheochair anfhorlann na bochtaine agus tarcuisne
na dearoile, na criothnaigheadh do chorp agus na buaidhreadh
th'aghaidh agus na gabhadh toirrsi tu, acht togbhail chugad
maille re gairdeachais mar bhan-chairdibh ughdair in t-sídha.
25] Ór da ndearnair murmar agus toirrsi fan mbochtaine, no
doilghis agus mi-dhingmhalacht fá dtarcuisne, rachaidh sith
agus suainmhidhi do chroidhi uaid. Maseadh, bí co h-inill,
or ni fuighir síth, da mheid saethair do dheanair chuici, da
treigir in bhochtaine agus an tarcuisne. Mas i t'indtindsi da
30] faghbhair bochtaine bhidh agus édaigh agus tarcuisne, agus
nach ardaightear a tindlaicthibh thu, cread tharbhaigheas sin
duit a n-aghaidh do thoile, getai co síthchánda aga fhulang?

p.114


Adeirimsi air sin, bisi co h-inill agus na bith naire ort, ór do
ghébhar luach glórdha marthanach da chind sin. Or in tan
do-bheri toil sidhchanda don eiginntas, gan cunntabhairt do
ni subhailci di in tan sin. Na dena moran comhraidh a fiadhnaisi
5] preláidedh na egnaidhi, agus na h-abair neithe arda na docamhla
ina fiadhnaisi ar egla intsechinnad na neithe so-thathaire, acht
connaibh do mhodh agus do shilens do reir in t-sídha. Or
is canamhain choitcheand in tí nach abair an ni nach innraidhte
co fuil a shith ullumh re cách. Agus madh ail let do shídh
10] do bheith foirfi, seachain na neithe amhairseacha: na neithe
atá cunntabhartach no is follas do bheith maith, na tabhairsi
in bharamhail is mesa doibh, acht saer in t-olc agus cuir is in
taebh is fearr é. Na bith toil arduighthi t-anma féin ort
choidhchi, acht toil do dhiamhraidhthi agus th'islighthi mar
15] nach beithea ann. Is i in bhriathar so, adeir Bernard, dlighis
gach aen fear uird do bheith ina chridhi co minic agus co glórdha
agus ina bhel co cumair tarbhach. Agus bith a fhis agud nach
dubhairt se rit beith ainfhisach arna dainibh, acht toil in ainfhis
do bheith agad .i. gumadh fearr let beith folaightheach orro
20] na th'iul do bheith aca. Or is an gradh in fholaigh so ata gach
uili shith agus inilleas agus tharbhdhact. Agus madh {MS folio 41b1}
ail let in gradh so dodh islighthi fein do bheith agad, ni dingnir
gearan ar bochtaine na ar tarcuisne da mheid i, acht gebhair
chugad h-iad co blasta suainmheach ar son corob inntu ata
25] gradh in t-sidha agus sith in gradha. Da ndearnar so, beidhir
at inghin do Dhia, agus is oiris t'ainmniuchadh uadha, amhail
adeir in Tighearna, beati pacifici quoniam filii Dei vocabuntur
.i. is beannuighthi lucht na sidhchana, ór is iad is clann do
Dhia et rel.