{MS folio 9a1} I n-araile domnuch do shenóir nóemh a aénur, co faccaidh in duini círdubh amal gúal gobhond cuice isin tech. Cúich tussa ale? forsin senóir. Domnach indiú, for sé, & nídampíantar-sa ann & ní gabthar dím dul cech conair is áil dam isin domnuch, & ar Día dia foghnai, geib m'écnairc & guidh in Coimdhidh lem im deliugud damh re h-iffern & im rochtain na fochraice nemda. Dagéntar, ar in senóir. Acus do-ní sumh irnaigthe cech trátha fair co cend fichet lá. Ticed sum dono cech domnaigh d'acallaimh in shenóra & ba gili 'sa gile hé cech tan do rochedh, & & ro atlaigh isin tres domnuch a scaradh re h-iffern & a bith glégeal uile & is-bert: Bendacht fort féin & bendacht for th'irnaigthi & do róine na runna so sís co n-debuirt {MS folio 9a}:
- Bennacht for in n-irnaigthe,
mochin do neoch nodnáile,
maith don tí darrogathar,
maith don tí arnodáili.1
- Bennacht ar in n-irnaigthe,
baúaramur2 a cennsa,
demna duba d'insigthe
no-bítis imom cenn-sa.- Bennacht for in n-irnaigthe,
ro dingaib dím in fúth sa,
demna ocus pluic teintide
no-bítis ocom lúad-sa.- Bennacht for in n-irnaigthe,
ruc úaim-si demna is cruna,
luc3 ifernnach écáinde4
is ann dognín-si dubha.- Bennacht for in n-irnaigthe,
ros-car misi re temel,
cruma crúaidhi cennmóra
nom-berdis isin teined.- Mór do phecdaib gníu-sa,
tardis orum...5
slúaig demna co n-erduibi
bítis im díaid a n-iffirn.- Sústa imda íarnaide
no-geibdis dam im díaid,
in uchd6 marbda meirbligi
no-bín-si naddiaig.7- In irnaigthe at-berim-si
rom-saer ar iath8 namabr...
is duit-si do-berim-si
co bráth íar m-bráth mo bennacht.
Do chúaid as íarsin co n-étrochta gréne la h-aingliu.