Luxoria (.i. drúis) tra iss ed ainm na dúalchæ tánaisi marbas anmain duine. Is í tra cland gainethar ón dúailche-si .i. dronua bríathar, fursi dochraite, daille menman, ainbsithe aicnith, comlabra borbæ, cuitim h-i crinder, ilar comairli, tarngaire cen folta, cétlud fri sochraithe, dethiden do duine, fall fri Día.
Is í dano súalaich ro erbath frisin n-dúalaich-se dia díbduth .i. congbaidetu h-i n-genus co neuch genedar úaid .i. forus comairle, comlabrai cobsaid, fostai fri anfontai, tairngaire fír, fír do comallath, imrádud Dé, féle aicnid, nertath n-irisi, miscais an ceanntair, searc in alltair.
It é indso freptha in étraidh collnaide .i. damnath craois, proind mesraigthe, mesrugud dige, imgab-{column 39b2}áil mesca, miscais célithe, brisiuth aicnith, faitiges i n-úathad, roithinche h-i sochaide, lenvmain do sruithib, imgabáil ócbada, airchéimniugud di lebair nó da légund nó ernaigthe, miscais daescaire co m-bríathraib anglanaib, menma sochraithe co n-glaine comlabra searc fochraice ara n-ascnama, píana do imchaisiu ara n-imgabáil.