Corpus of Electronic Texts Edition
Regula Mucuta Raithni (Author: Unknown)

poem 6

Do fedmannaib anmcarat gebes mancho so.

  1. 257] Dia mbat an[a]mchara neich
    258] a anmain nísroirr,
    259] ní[ra]b dall ic tu[u]s daill,
    260] nísreilce hi foill.
  2. 261] Tabrait dait a coibsena
    262] co diúit is co léir,
    263] ní ragba a n-almsana
    264] meni bet dot réir.
  3. 265] Cia gaba a n-edparta,
    266] níp mór lat a sercc,
    267] mar bad teine beth fort churp
    268] nosfodla tria[t] nert.
  4. 269] Do áine, do aurnaichti
    270] rohícca al-lúag,
    271] mani derna attetha
    272] cinaid inna slúag.
  5. 273] Tinchosc inna n-aneólach
    274] sléchtaidi fot réir,
    275] ar ná dichset hic cinaid
    276] hit degaid fodéin.
  6. 277] For na seotu nírb fot cuacc,
    278] la dóenib níp neóit,
    279] dáig is diliu dait th'anim
    280] indaite na seóit.
  7. 281] Dosbera do óegedaib,
    282] cid trén nó cid trúag,
    283] dosbera do bochtánaib
    284] ó ná sáilfe a lúag.
  8. 285] Dosbera do shenóirib,
    286] do fhedbaib, ní bréc,
    287] nístabra do phecthachaib
    288] lasm[dot]é imbed sét.

  9. p.319

  10. 289] Dosbera hi fírdochtai
    290] do cach óen ar n-úair,
    291] cen adbchlos, cen athmaithim,
    292] ar is hé a mbúaid.
  11. 293] Gabáil inna n-écnairce
    294] mór a n[dot]dile duit,
    295] hirmaisiu cach æentrátha
    296] dia mbentar na cluicc.
  12. 297] Tráth tiagait do chelebrad
    298] fir betha co mbúaid,
    299] co rop ann sin dechais-[s]iu
    300] ná rap cách ar húair.
  13. 301] Aiffrend lathaib téchtaidib,
    302] domnach la dardáin,
    303] menib é cach ænlaithi
    304] iar ndígdi cach clóein.
  14. 305] Aiffrend for na cristaidib
    306] ocus for cach grád,
    307] aiffrinn for na fachaidib
    308] óthá min co már.
  15. 309] Ar cach óen roairiltneig
    310] ria sunda do chách,
    311] ocus airiltnigfes
    312] óniú co tí bráth.
  16. 313] Deithbir lim i sollomnaibh,
    314] becc nach hé mo rád,
    315] féil[e] apstal, ardmartir,
    316] féile creadal cád.
  17. 317] [In] tan tiastar don aiffrinn,
    318] is húasal in rád,
    319] congain cride, telgud dér,
    320] turcgbáil inna lám.
  18. 321] Cen fháilti, cen falabra,
    322] co cennsa, co cói,
    323] co ndílgud cach ancridhe
    324] fil, biäs, robói.
  19. 325] Co síd fri cach comnesom,
    326] co n-imeccla máir,
    327] co fóisitin duälcha
    328] tráth raga do láim.
  20. 329] Dá cét slechtain la biäitt
    330] gach laithi dogrés,
    331] na trí cóicait do gabáil,
    332] ní furáil in bés.
  21. 333] Mad áil duit comhét do gráidh
    334] fo mám Spirta glain,
    335] ní roloinge, ní chotla
    336] la túatha hi taig.
  22. 337] Ní raib serc mór hi[t] chridiu
    338] acht serc Dé nammá,
    339] [ar is] glan in corp dia téig,
    340] rob glan téis do á.
  23. 341] Dlige a chomal[n]ad in so
    342] hi sgriptúir fofúar,
    343] mad sacard his é a thechta
    344] ná rop tharmtheachtach trúag.

    Finit.