Corpus of Electronic Texts Edition
Regula Mucuta Raithni (Author: Unknown)
poem 3
Do chéiliu Dé.
- 69] Dia mbem fo mám chléirchechta,
70] is úasal in béas,
71] aithigem in nóebeclais
72] in cach tráth do gréas.
- 73] In tan rochlomar clocán,
74] ní furáil in cís,
75] tócbam cridi solam súas,
76] teilgem gnúissi sís.
p.314
- 77] Canam patir ocus glóair,
78] nachartairli tríst,
79] sénam bruindi ocus gnúais
80] [d']arde chruichi Críst.
- 81] Mar rohíssam in n-ecclaiss
82] sléchtam co bo thrí,
83] ní fillem glúine nammá
84] i ndomnach Déa bí.
- 85] Celebram is cuimrigem
86] cen lobra, cen lén,
87] sruith in fer adgládamar,
88] Coimdhiu nimhe néul.
- 89] Figlem, légem, airnaigthem,
90] cách im-méit a neirt,
91] feib na réë féga lat
92] [co ríasam in teirt.]
- 93] Tæt cach grád ria cho[m]adas
94] feib dobeba cóair,
95] amail ainmnigthir do chách
96] óthá teirt co nóain.
- 97] Int æs gráid dond airnaigthi,
98] donn aithfrind co cert,
99] æs léginn do forcital
100] feib atá a neart.
- 101] Ind ócbad dond humallóit
102] feib rothá a tlí,
103] ar [is] díles do diabul
104] corp ná déni ní.
- 105] Lubar dond æes anecnaid
106] do réir clérech cámid,
107] sæthar ecnada 'na gin,
108] sáethar buirb 'na láim.
- 109] Celebrad cach æntrátha
110] la cach n-ord dogníam,
111] trí figli ria celebrad,
112] a trí inna díad.
- 113] Túæ ocus díchrato,
114] raithinchi cen chlæn,
115] cen fhodhord, cen imchomoirb
116] dlegair do cach óen.Finit. a.