Corpus of Electronic Texts Edition
Regula Mucuta Raithni (Author: Unknown)
p.312
poem 1
- 1] His é ascnam na flatha
2] hÍssu, húasal bríg:
3] serc Dé ó huilib nerttaib,
4] ó chridhi, ó gním.
- 5] A sercc ó huilib nerttaib,
6] ní bu liach cid léir,
7] serc do chomnesom la sein
8] amail do seircc féin.
- 9] Ní adra do hídlachtaib
10] dáig in Choimded móir,
11] níraittche do Dhúilemain
12] im úabar nach cóir.
- 13] Airmitiu do thustidib,
14] rothimna in rí,
15] ocus cach óen as sruithiu,
16] as sinu ol mbí.
- 17] Tabair honóir dot Apaid
18] mac Muire cen meth,
19] ní rogata, nírfuigle
20] is nírairge nech.
- 21] Nírbat santa[ch] immun mbith
22] nó for ind nim chlóen,
23] ní théiss hi forgull fri nech,
24] ní chráidi nach n-aon.
- 25] A n-adcobrai-seo ó chách
26] duit féin do cach maith,
27] déna-su sin do cach aon
28] is roshhís in flaith.
- 29] Ní nach dúthraccair duit féin
30] do aurchóit bas olcc
31] do duine ní accobra
32] hi céin thechta chorp.Finit.
p.314