{MS folio 46 rb 41}
- Cenn ard Ádaim, étrocht rád,
a tír grinn gríanna Garád,
a bruinnichor, nád bréc brón,
a tír álainn Aradón.- A brú a Lodain is lía,
a chossa a tírib Goría,
is Día do-rigni dia deóin
a fuil do usci ind aeeóir.- A anim do thinfiud Dé
do-ridnacht dó, ba gním glé,
rí condn-ic bráth buidnib drenn
is lais cach fáth, cach forcenn. C.- Airbertach roraith cen ail
scaíles súithi síthamail,
a Latin i n-Goideilgc nh-grinn
is Mac Cosse rochaemchind. C.- In rí rodelb nem im gréin
is das-rigne dia ógréir
iffern 's in muir medrach mend,
ocus talam a forcenn. Cenn ard.- Innocht féil Tómais4 cen tláis,
ba súi sóbais fri cach séis,
Tómas apstal, alt cen baes,
ó aes mór n-astar rochés.- Díar' cechaing sair, síd cen meirg,
i n-India aird erctha buird,5
is lais, nirbo lén in lerg,
ro marb in ferb dia bois buirb.- As-bert Tómas, nirbu dúi,
athesc do bais díriuch dói,
bud in crob dia n-dernais col
i m-bélaib coraindiu6 lae.- Íar sain cing immach in laech,
cíarbo gaeth, fo-fhúair cath crúach,
cid ferda ro fer a gleó,
ro marb in leó, cíarbo lúath.- A lám ind laích cona lí
fo-fhúair sár saer for bith ché,
dos-beir in cú ar bélaib cáich,
feib ass-ebert in fáith Dé.A Dé dúlig.