Corpus of Electronic Texts Edition
A Dé dúlig adateoch (Author: Airbertach Mac Cosse)
{ZCP 1 }

p.497

Commentary on the Psalms by Airbertach mac Cosse

    1. A Dé dúlig adateoch,
      is tú mo rúinid co rath,
      rim-sa ní rosoa do drech,
      úair is tú mo breth cen brath.
    2. Is tú mo rí, is tú mo recht,
      is let mo chrí, is let mo chorp,
      notcharim a Chríst cen chacht,
      úair is lat m'anim innocht.
    3. Ní beo 'ca díchlith, a rí,
      rombeo it' rígthreib frim ré
      doroimliur in fleid dot' méis,
      nímfargba dott' éis, a Dé. A.
    4. {ZCP 3 }

      p.20

    5. Cethrur do-raega, ní dalb,

      Duíd fri cétal na salm:
      Asaph, Eman, étrocht rún,
      Ethán ocus Ithithún.

    6. p.21

    7. Radas-córaigset fón clais
      in cethrar co céill cainmais,
      cíasu Duíd rodas-can,
      is dóib-seom da-aselbtar.
    8. {folio 46va}
    9. Deich cét i n-díaid cech fir díb,
      ba slúag dírecra dírím,
      fond óenchlais ic molad Dé,
      cia ceól bad ferr for bith ché? C.
    10. Cinnas ro chanta in cech thur,
      in tría próis nó in tría metur?
      is tría metur, medar nh-glé,
      feib asind-fét Círine. Cethrur.
    11. Ór h-esriud bátar, cía bé,
      i n-amsir móir-maic Iasse
      ina m-blogaib la cech dronhg
      do mebuir lasin popoll.
    12. Estras dos-farglam íar tain
      i n-ord n-óentad n-óenlibuir,
      ro suidig rempu, réil mod,
      argument ocus titol.
    13. Cid nád gaibter in cach dú
      a tituil rasna salmu?
      dáig is dó thuctha, is dáil nh-glain,
      do sluinn síansa asna salmaib.
    14. Ardos-roet eclais Dé
      i n-ord n-etal n-airnaigthe,
      conid de gaibdi cen chol
      fir domuin a h-ur i n-or. Ór.
    15. Cetharda i salmaib, séol nh-glé,
      cétna stair, stair tánaise,
      fo-gabar indib, ní gus,
      síans sóer ocus morolus.
    16. Is friu berair cétna stair,
      fri Duíd, fri Solamain,
      fri h-ingrintide na slóg,
      fri Saúl, fri Abisolón.
    17. Stair tánaise sluintir sunn
      fri Ezechías, frisin popull,
      frisna rígu, réil in clú,
      fri Moíse, fri Machabdu.
    18. Síansa na salm cona snais
      fri Críst cáid, frisin n-eclais,
      morolus íar sin for leth
      fri cach fírián find figlech.
    19. Sechtmoga blíadan ar bith ché
      bae Isaias ic fáithsine,
      fri ré cethri ríg, nád chél,
      bátar for tír n-Israhél.
    20. Ozias, Iotham, étrocht días,
      Achaz ocus Ezechías
      co luid martrai1 ar Día
      i n-deriud flatha Ezechía.
    21. Noí blíadna déc2, bríg ro-clos,
      ó martrai móir-maic Amos
      is ed sain do blíadnaib bías
      co fáithsine Heremías.
    22. Do-rinscan fáithsine ar Día
      tres blíadain déc Iossía
      co m-bae ic fáithsine íar sain
      dá fichit blíadain is blíadain3.
    23. Do-rinscanad, cet ó chén,
      fáithsine ard Etzechél,
      tría ficheit blíadan, búan cís,
      buí ic fáithsine acht ré trí mís.
    24. Deichtreib do brith i n-doíre
      co n-immud a h-ilmoíne,
      déitreb dílsigthi ó Día
      sechtmad blíadan Ezechía.
    25. Deichtreb delbda, dingnaib dál,
      ó ros-fuc Salmanazár,
      a dó cethrochat is cét
      cóic blíadna sain srethaib sét.
    26. Co rucad in détreb dron
      i n-doíre la Nabcodon
      a trí, a deich is dá chét
      do blíadnaib sain srethaib sét.
    27. Ón chétdaere ar deichtreb duind
      co tríall athnuigthe in tempuill
      cen chuit merthais mod4 ron-sná,
      is fír senchas, ní sechta. S.
    28. Dá minfháith déc derbtait de
      ocus cethri prímfáithe
      ro dánaigthe a dánaib Dé
      tría secht fáthaib fáthsine.

    29. p.22

    30. Tría oibriud, aidbliu cach clú,
      tría airdib, aidblib iliu,
      tría físsib Dé do gach dú,
      tría aslingthiu, tría ainhgliu,
      tría guth anniúl, nássad nh-glé,
      tría thinfisin fáithsine.
    31. Fáithsine na salm i fus
      do gein Críst is dia baithius,
      dia frescabáil, in cach dú,
      dia céssud, dia esséirgiu,
    32. Do innarba Iudae, cen geis,
      do thabairt geinti ar ireis,
      do mórad fírinni Dé,
      do dínsem cacha clóene,
    33. Do messemnacht Críst, cain clú,
      for bíu ocus for marbu,
      do h-eissérgi in betha,
      do delmaim in mórchetha. Cetharda.
    34. Cóic thintúda, cain in clú,
      at-chotaiter for salmu:
      tinntúd Simbaig, seól co m-bríg,
      ocus tintúd saer Septín,
      tintúd Círine, céim nh-dil,
      tintúd Teothois is Aquil.
    35. Tintúd Septín, ássad nh-glé,
      is é-side seichmit-ne,
      ro tintáiset súid, seól nh-dil,
      a h-Ebru, a Gréic i l-Latin,
      ro certaig Duíd íar ceist,
      fo obil is fo aistreisc.
    36. Aurnaigthi dúthrachtach dil,
      airégim ria fochidib,
      deprecáit fri Día, dían mod,
      escoine co tairchitol,
      i salmaib sein, seól as lía,
      cibé nos-gaba cach día. A Dé.
    37. Tréde dlegair in cach raind,
      luic is amsera is persaind,
      at-chotaiter sunn san chan
      ría nh-gressaib athar Solman.
    38. Roda-scríb Duíd ó Día
      i tír airmitnech Iudía,
      ros-cachain dó dín cach dú
      i n-orddun, i n-arddrígiu.
    39. Cipé nos-gaba íar fír
      ricfaid óentaid Hiruphín,
      ní ba mac báis íar nach breith
      bíaid it gnáis, a Dé dúlig. A.
    40. A noí nochat, nássad nh-glé,
      cét comlán la cóic míle
      ó thosaig domuin, delm nh-dil,
      co gein maic Dé i m-Bethil.
    41. Ó génair Críst, clú cen bét,
      a dó ochtmogat noí cét5
      cosin blíadain bae cen chlith
      calaind Enair for cúicid.
    42. In lín blíadan, mílib gal,
      ó thús domuin co céssad
      fiche dá chét is dá sé
      ocus árim cóic míle.
    43. Ocht mh-blíadna déc derbdait de
      acht fil co díaid in míle,
      i fail íar sain, sorcha in t-sreth,
      ní fitir acht Día dúlech.6
    44. A dé.