Corpus of Electronic Texts Edition
Da brón Flatha Nime (Author: Unknown)
section 6
Int Éle iarom & int Enóc as-berar sund ernaidit -side ar
p.386
cind a m-marbtha & a m-martra do chomailliud fástine in chomdéd at-rubairt tria gin ind fátha : quis est homo qui uiuit & non uidébit mortem .i. Cia ro-blais bethaid na faicfe bás . Do thaegat-som iarom ar cind Ancrist fri dered domain conid leis-sidé claidbebtair .i. díabul i r-richt duine intí Ancríst amal bid do tabairt cretme isin domon dotháet . Epscop dogní friá ingin día h-aine hé. Iss ed at-berar na derna Crist hi talam mírbail na dingne-seo acht mairb do dúscud, acht chena bid lán-sum ó etrud & o anbírinne. Tri bliadna xxx. co l-leith dana a áes-som amal ro-bed aes Crist . Sood a pólaire ina etun iss é comartha bías fair. Cach óen na cretfe do claidbebtair lais-seom . Ar iss ed at-bert-seom conid hé fein mac Dé & conid hé ro-thirchamsatar fádi . Conid hé Michél do-tháet do nemdaib dia fordinge & conid hé gebes claideb dó . Conid at é iarom dá brón flatha nime, h-Éle & Énóc ina corpaib críad eter ainglib nime co táegat ar cind Ancrist. Finit .