Corpus of Electronic Texts Edition
Da brón Flatha Nime (Author: Unknown)
section 4
It é dana téora gáire in domain .i. in gáir do-rigset túath Dé ocá timarcon don h-Egeptechaib la feraind ri muir romair diá m-marbad & diá n-dilgend & do thabairt a m-mac & a n-ingen i n-dáire co bráth acht manis tesorced Dia. Ocus gáir fer n-iffirnd & anmand síl Ádaim do neoch at-rubalt dib riá crochad Crist .i. do-s-fuc ar ulc ri diabul con-das-fil
p.384
in
erbothaib flatha nime ; in gáir didiu ro-láeset na h-anmand iar n-imtholtain tuidechta ó díabul & gáir fer n-iffirnd ina n-diáid. In tres gair .i. gáir na n-anmand do neoch atroille iffernd díb icá sróinud ind do bithaitreb péne & rége cen nach crích etir . In muinter immorro do-róega Dia ragait-side dochum na flatha suthaine la Crist mac n-Dé co m-bíat andsin tria bithu sír eter airbrib árchaingel.