Corpus of Electronic Texts Edition
Da brón Flatha Nime (Author: Unknown)

section 2

Téit didiu h-Éle, co m-bí fo chrund bethud hi pardus , & soscéla ina láim, do phrocept dona h-énaib ut & do anmannaib in parduis . Do-tháegat iarom ind éoin ; co m-bít oc ithe cháer in chraind. Cáera mora dana sin at milsiu


p.378

cach mil & at mesco cach fín. Biit iarom oc ithe na cáer. Oslaicid iarom Éli iar sin in soscéla ; la side do immaircet ind éoin a n-ette friú & a cossa, can scibud ette ná cosse co tairic in praicept . Procept laithe mh-brátha dana , iss ed pridchas dóib .i. a n- do-berar do thodérnamaib for anmannaib dúine día brátha, .i. na cethri srotha im slíab, .i. im shlíab Sión ic loscod na n-anmand na n-deich míle bliadna & deich cét m-bliadna in cach míle . Fota in gábud-sin dana do neoch óca m-bíat pecda & imurbusa . Is maith do neoch óca m-bía dégairliud cid isind ló-sin nammá. Cen co beth and acht sein , bá méte ná cotlad nech óca imrádud céin no beth ina bethu, céin mothá titacht Crist co nóe n-gradaib nime & feraib talman do neoch ro génair & geinfes co brath, & muinter iffirnd . Is amlaid dana do-rróega chucu int-í Isu Crist & a chroch derg fria ais do dígail forro a crochtha ara thuidecht diá tesorcain ar gin

p.380

díabuil. Is adbol iarom in slúag & a teclam bías and. . Iss i fiadnaise didiu int slúaig-sin do-asfénpha cách a gnímu eter maith & saich. Cách ar úair ón do-thuisfénad an ath-chomairc a n-at-chonnarcatár a súile & i n-at-rubratár a m-béoil & a tenga & á n-do-rónsat a láma & á n- imándechatár a cossa, Crist mac & aingil nime & fir thalman & fir iffrind ic coistecht fris dóib uile co rólais in tasfénad-sin do dénum. A demon comaitechta oc taithmet dó cach uilc do rigne, ar no bíd -side fora láim chlí -seom do gs oca forcomét. A aingel comaitechta dana fora láim deis oc taithmet dó a n-do-rigne do maith.