Corpus of Electronic Texts Edition
Saltair na Rann (Author: Unknown)

poem 84

84.


5473] Oshunn dorúacht indárcc úag
darmórtíri, darmórtuath
meic Israhél, cosreib sáil,
rothinolsatar oendáil.
5477] Friinnarbu n-idal n-él
dothirib mac n-Israhél,
dorinolsat, srethaib srath,
combátar huili imMesbad.
5481] Roráid Samuel, snímach scél,
frisluag n-írach n-Israhél;
'doforfua digal cechmaig
icin forn-idal n-angbaid.
5485] 'Manichuirid húaib coluath
ilar forn-idal n-ollmuad,
derb doforfua digal tinn
oríg nime náir nóebfind.'
5489] Doratsat réir nDe cech
meic Israhél fiadchainchlú;
rodosslechtsat doDia dil
iarsin cenadrad n-ídail.
5493] O shunn atchuas iarfír
doslúagaib naFilistín,
dodeochatar conacath
cucu corice Mesbad.
5497] Roraidsetar, érim n-úag,
meic Israhél friimlúad:
'corob linni búaid donchath
guid inCoimdid cumachtach.'
5501] Adropart audpart triarath
isrogaid coduthrachtach,
Samúel dorig nimi nél,
darcenn clainne Israhél.
5505] Inrí thuc inn-arcc forcul
immusracht darcechmórmúr,
incechairm, cechdú, cendín
dorat maidm forFilistín.
6509] Ri dorat digail cendín
forslógaib naFilistín,
oscechthracht frisratha smacht
indarc oshunn doroacht.
Óshunn doruacht indarc úag.