{MS fo 43b2}Colum Cilli & Comhghall & Caindech dochúatar do thigh Crumthir Dathí ar áidhighecht íar caithimh a proinne don mhuinntir. Is é gnáthughudh dobhídh ag Crumthir, cemadh úasal ant áidhi noroised a h-aithle a proinne chuige, ná tibred bíadh dó cu h-arabárach. Rohíadhudh int aracul forra-som íar sin & ní tugad proinn cu h-arnabháruch dóibh & nír fétsat in tech d' fhágbáil la daingne an íadhtha bái fair, ciamad áil dóib.
Tucad proinn dáibh cu moch arnamháruch & ba h-áine ann do sunnraid. & is amlaid tucad proinn dóib & soiscél Cruimthir fuirre dia furáil forusa, ar rofitir nobíath móit forro & comad leasc leo a caithimh 'san áine. Adubairt Colum Cille ná caithfed bíadh 'san áine. Adubairt Comghall roba córa caithium ar an soiscél, ciarbhó áine ann. Adubairt Caindech robo córa a chaithimh & doneth cách a chrábud. Adubairt Colum Cille:
Adubairt Comghall:
C. C.Nocho loingiubh-sa cu moch
isin áine dídine,
úair is é mu lá catha
tar cenn flatha fírinne.
C.Caithem sére ar soiscélu
adhram Críst ná rub meabul,
ná rub caithium 'nar n-óenar
tre cóir bæguil ar demhan.
Ca.Mad dia teacmad céle Dé,
loinged, lúisseadh immale,
intan bías cách araglan
cach ac aragan dogné.
Giarbo leasc la Colum Cille, docaith becán don proinn. Docaith Comhghall tres mhaith don proinn. Moo rocaith Caindech iná cach fear díb.
Táinic Cruimthir Dathí dia n-acallaim íar sin. Atconnairc a bhfuighle et adubairt re Comgall: Uair as tusa rofuráil an proinn do chaithim, cu rabh búaidh crábuid at baile dogrés & gach duine tinnscnas crábud acat, rath crábuid fair. Adubairt re Colum Cille: Or as tusa as lugha rochaith don proinn, cach duini troiscfeas let a tosach a crábuid, búaidh crábuid dóibh. Adubairt re Caindech: Ár is tusa is mó rochaith don proinn, sonus bíd & lenna at baile.
Et dorónsat a n-ænta & a cadach íarum.