Corpus of Electronic Texts Edition
King David and the Beggar (Author: Unknown)

p.321

Aroile duine trúagh bocht & móirsheisir cloinde aigi táinic cum Dabíth do chuincidh almsaine fair ocus is annsin tairrnic la Dabíth a almsaine do roinn & nocha roibhe aigi ní do-beradh dó & adubairt an duine do chrochad, acht ro-thoirmesc Solam é & adubairt an duine trúagh: ‘ó nach fuil agut ní do-bertá damh, tabair do bendacht damh a n-ucht mo luimne co rugur lem dom thigh hí’. Tic far sin Dabíth a beannacht a n-ucht an duine trúaigh & ro-timsaigh an duine a ucht uimpe co riacht da thigh & do bí a eire innti ag a h-imchur. Ronigh iar sin an duine a lumaind a lochtobur mór búi 'na garrdha corbo lán é do fhíriasc & dorecadh-san an t-iasc tar cenn innmhuis do-fhulachta, corbo toictech é & ro cuir iar sin an duine a lumainn dia tirmugud ar abhaill crín


p.322

co roibe fo lántorud d'ublaibh & nár mhó cúadh ná gach ubhall díbh & trí h-ubla móra dermhaile dergóir ar úachtur na h-abla & ruc an duine iar sin an torad leis .i. na h-ubla cumhra gus na h-ublaibh óir do Dabíth a n-aiscidh & do innis an scél sin do Dabíth & do Sholam & adubairt Solam: ‘As ferr sin ná do chrochad amail rotriallad’. Ro roind Dabíth iar sin na h-ubla .i. ubhall dó féin & ubhall do Sholam & ubhall don duine bocht.

Finit.