{folio 145 a}Crimthann mac Lughdhach diatá Crimthann la h-Ú Maine is é cétfher di Chonnachtaib ro marb mnái iar creidem hé. Ruccadh ingen di Chriomthand. Do ratad co mac Raith meic Naingin í dia baisted et ro baist. A cléirigh, ar Crimthann, ag sin in ingen si deit úaim-sea & don Coimdidh a cinta na mná romarbus-sa dar sáruccud Dé. Beiridh iarum in cléirech in ingen lais. Nos-altramann iaram co cenn secht m-bliadan í. Atnaig in cléirech leis co Cáirigh n-Dercain hí & mos-aithin aicce í do léigenn lé. Ásaid in ingen iarsin eter ghenus & grés & léigenn & deilbh & dénum & álaigh & erlabhra. Áilli dono Cáerech Dergain iná gach duine di delbaibh na m-ban in tan sin ceinmotha isi. Nobídh dano Cairech fiad cách cech die & ní faicthe ise fri feidm a léiginn & a grésa.
Indistir dono di ríg Túadmuman .i. di Tipraite mac Foramáin maccaillech do beith i Clúain Bairenn .i. Cáirech Dergain & gurbo dingmála di rígh í for a gúalainn. Cuirid side fer n-gráda dó do inneithiomh delba Cáirche. Ro-soich side iaram cosin airm ir-raibhe an chaillech. Is ann immorro robói sidhe isind ecclais oc cantain a salm & an ecclais dúnta fuirre. Fégaidh an fer í tria tholl na comla. Airigidh ind ógh innísein {folio 145 b}. A duine, for si, ticced cuccatt co lúath ercóit benus do shúil as
Cuiridh in rí coblach ar fad na Sinna co Clúain Bairenn for cenn na hingine. Faillsigthir don caillig a m-beith ag tichtain for a cend. Iadaidh Cairech ind eclais fuirri et diriact lucht na loingsi cusin dorus. Tair amach, ar siat. Léicidh cairde trí lá et trí n-aidhchi dam-sa, for sí, & reghat iaramh. Lecair di-si sin. Hi cind tredenais iaram at-beir si fri Ricinn: Éirg amach im richt-sa, ar sí, ar mo bennachtain cosin fer út, ar rochindes-sa m'óighe din Coimde. Inghen immorro tusa & ní ro-chinnis t'óighe co se. Aircc didiu ar Dia amach im richt-sa. Gabaim-si immorro form ón Coimdhe co ná ba lugaite di rath i nimh nó a t-talmain. Naiscidh iaramh an inghen fuirri-si sin.
Téit ina cend iarsin amach & as-pert: Ní fúiiubh-sa leis, for sí, acht amedón mo tíre & mo talman & ni reg amal mnái m-bóaid lais. Aráisin tra berair sí go riacht in Sinaind. Téid iaram for cloich annsin. Atnagar an long ar a h-amus. Ardaigid in cloich uasin luing. Ní coemhnagair ní fón samail sin. Tiagair úadibh co tigerna & at-fiadat dó inní sin. Ticed si im chomair-se co Maonmach. Do-roich an fis cuici-si. Ní fhéttaim-si techt cen ech, for sí. Ní filit eich linne, for iad-som. Is cett lim-sa in cloch so forsa fuilim, for si, corob í nomimurcora in conair at-berthai-si. Glúaisid iaram for a cind in cloch co riacht Móenmagh co ro-airis ann. Conidh sí Lec Ricinde indiu & conidh impi ro-fothaiccedh in ceall túaiscertach. Do-roich da Tipraite andes coricce in magh ittá in ceall descertach aniú. Et at-rubairt si ná faifedh fri Tipraite isin cill túaiscertaig. Conidh aire sin dirónadh in cell deiscertach. Berair si fodes iarsin et berid si mac do Tipraite .i. Dúngal, ó bfuilit cenél Dúngaile eiside et do-níther in cell deiscertach .i. Clúain Ceneóil Dúngaile.
Ba fedb irisech di Dia Ricend iartain, conidh é sin dirad tríchait in tredual do Ciarán & do Dia et di Cháirich.