Taispenadh adhuathmhar tadhbás don t-senóir Úa Cairill .i. saccart Innse Cathaig aroile oidche ina iarmeirge. Ocus is amhlaidh tainicc cuicce .i. dealbh coirtighe, cíordubh. Cros Críst ettrom & tú, ar an saccart, & cía tú féin? Mac Bethadh mac Neill {MS folio 246a} mic Murchada meisi, ar sé. Cidh rod dubhustair fon ionnus sin tú? ar in senoir. Ninsa. Roimét mo péine & mo pheacadh, óir is amhlaidh bím, & pluc mor do demhnaibh umam isind áer, & sústa imdha iarnaidhe aca aga n-gabháil im cend dibh. Ocus gidh doiligh damh sin, as doilghe damh m'athair do beith ina comnaidhe ar múr naoimh, & maircc bhíos and. Ocus is maircc damhsa sech cách m'athair do bheith a c-comfoccus don chill: úair gib é do dhéna ingreim ar mhúr naoimh ar bith, & co h-áiridhe ar Inis Cathaig, beid na deich cet & an fiche cet naomh do róine cairdes & aonta fri Senán aga aithber air féin, & ara shliocht ina dhíaigh. Ocus an tan do-gníther eccóir no inghreim ar an inis naoimh so, teccait na naoimh sin as gach aird dia dhíoghail ar an lucht ro-s-dingne; & ro chan an láidh ann:
- Án an cathair caomh so anocht,
Inis Cathaig, caomh a tlacht;
Mochen corpán téid fo h-úir,
Iomdha aingel ciuil 'na port.- Maircc thocráidhes an saor seng,
Senan sochla na sruith m-binn;
As í falaidh bía dó ann,
Nemh is talamh uaidh da chiond.- Lucht dioghla faladh an naoimh
{editor's section 18}
Is solamh teccait fon n-gáir;
Deich cet ar fichit cet naomh
Teccait go sáor tar in sál.- Maith an toirecht ticc a túaid
Do naomhaibh Doire fon n-gáir,
Oirecht Mochuda do céin,
Is Bairri budein ina n-dáil.- Ticc ó Chlúain Eraird a c-céin
Buidhen t-seimh d'áos in gráidh,
Oirecht fíal Ciaráin ó Clúain,
Siar go mór-dhail Muighe Máil.- Ticc Caoimhghin ó Ghlionn dá Loch,
{editor's section 19}
Ticc Berach go fir in flaith,
Do-icc Subach, saor an sruith,
Ticc Béoog on tuinn moír maith.- Muinend, is mac Solaim siar,
{MS folio 246b}
Is solamh teccait fon n-gáir,
In t-espoc Fergús fionn fial
Go mer-gus dían ina n-dáil.- Do-ic Maolchorgais ale
Go h-Íarlaith for conair n-gle,
Is Follán do icc anoir.
Comán co cét naomh sodhain.
- Do-s-ficc Brénainn buidhnech bán,
{editor's section 20}
Ticc cet o Cill mic Ronáin;
Ticc Nessan mor tar in sal,
Re les teccait na Cronáin.- Tiocfaidh Caireall, cáid an cing,
Tar sál ó Árainn gan fheall;
Ticc Feichin Fabair in fionn
Tar lind do chabhair na c-ceall.- Ticc Lughna an Áonaigh an aigh,
Is ticc slogh Mughna da n-déoin,
Teccaitt na Colmáin go caidh,
Uch, a Dhé, as anbháil an fhoir.- Ticc Eralt fa shen ale
{editor's section 21}
Co slogh do naomhaibh Luigne;
Ticc Manchán do dheoin Dé dil,
Ticc Berchán cona buidnibh.- Ticc Tigernan Oiridh án,
Ticc Mocúa Balla fa déoigh;
Ticc an Gall craibhdech co cáidh,
Le laimh ni h-áilghen an fhóir.- Greallan Craoibhe cruaidh na cath,
{editor's section 22}
Lendán fuair gach rath 'na rith;
Tiocfaidh Fursa, fial an flaith,
Cidh cían, as daith thiocfus sin.- Ticc Ceallach mac Conmaic caidh,
Ticc an feochair fial Flandán,
Ticc Úa Súanaigh sunn fon n-gair
Go sluaghaibh caomha Candáin.- Colam mac Criomhthain go rath,
Ba rond nír thiormaigh a ghuth;
Caimín Innsi Cealtra a cath
Asa indsi ticc fan n-guth.- Ticc Ailbhe sech grein ale
Da réir, ocus mac Luighne,
Ocus ticc Mac Duach alle
Co luath, ocus Mochuille.
- Ticc Luchtigern go dian d'ar f-fios,
{editor's section 23}
Do-beir Scenmán sciath 'sa treas;
As rathmhar a n-glór a bhus,
Blathmac leisan slogh d'ar les.- Mac Leinin an gai géir gloin,
Molaga fá dheoigh mar ailt,
Fionnchu Brí gobhann an guirt
Ní anfa co ticc fon airc.- Comhgall, Cainneach, Lactin lais,
{MS folio 247a}
Mochua Balla, caidh a tres,
Ruadhán Lothra luath don lios
Ticc leisan sluagh d'ar les.- Ticc Flann mac Aircheallaig ain,
{editor's section 24}
Ticc an feochair fial Findán,
Do-icc Carrtach as taom trír,
Ticc Mainech mór mac Lairin.- Ticc oireacht Árand aníar
Tar sal-mong mara nach mín;
Teccait naoimh in cadaigh cáidh
Gusin abbaidh nán co fir.- Go Senán cáidh ina chill,
Go sosadh na sáor-long seng,
Gér bó bocht a ré rea lind,
Acc Mac ochta Dé ni fand.- Mor socraite in naoimh, ni brécc,
{editor's section 25}
Ó Charn Í Néid go Sliabh Fúaid,
Deich cet sin ar fhicit céd,
Is í méd teccait fon rúaig.- Maircc duisges an slogh-sa amach
Tre shárucchad na cathrach,
Bidh gairitt, bidh suaill a rath,
Bidh fada búan bus aithreach.
- Maircc do bheir an sluagh sa alle
O chriochaib cíana Cime,
Ni bá sámhucchad bías de
Tre shárucchad na cille.- Atú ag rádh briathar nach bras
{editor's section 26}
Cille caidhe is caoimhe at-clos;
Oirecht aingeal and gan ces
[gap: extent: one line]- Mac mé meic bethad nach buan
Eter sretaibh sluagh nach saor,
Ropsam tendál ar bith búan,
Munbhadh Senan na sluagh sáor.- Maircc beires ferond an náoimh,
Ni mochenonn beith 'na n-dáil;
Maircc da gach duine fofuair
Beith go cruaidh 'na cuile caidh.- Uch, dam ratt mo naomh go nocht,
{editor's section 27}
As oram do thuit a claon olc,
Isedh do bheir mé uaidh go h-olc,
Beith go cruaidh isin naomh-port.- Maircc bíos a c-comhfoccus ceall,
Maircc nach aithigh go h-aifrenn,
Ferr beith a c-cloch-dinibh ceall
Na ag droch-daoinibh na n-gaithlend.- Occlach bios a n-ulca naoimh
Ro fhedar nocha bia a mháoin;
Téid as a cland is a chrod,
Is bídh féin tall ar droch-shorthan.- Dá madh lan dom síol gach raon,
Nocha raghaind-si re taobh;
Nocha berainnsi a tir uaidh,
Ge madh lionmar mo mor-sluaigh.
{MS folio 247b}- Ge adértai mo ghort glan,
{editor's section 28}
's gurab é m'athair no threabad,
Da m-beith a b-foccus don cill,
Ní ragh air acht go h-innill.- Fód do breith d'feronn na naomh
Nocha déoin don Spirut Naomh;
Maircc bheires dó féin gid gar,
Ar a fhod bais a dhioghal.- Maircc do-ní tegh ar múr naoimh,
Maircc don fhine téid re a thaoibh,
Maircc um a meic ocus fiora,
Do gheibh tra a troim-iodha.- Baoghal don righ ticc re cill,
{editor's section 29}
Do faoth d'faobhar no do rinn,
Gan crodh, gan coimdhe teit as,
Do bheir an Coimdhe d'Iudas.- Gach a n-dernus im chorp criadh
Do gach olc, da gach anríar,
As mó do cuir meisi hi f-fán
A thír do breith ó Senán.- Aithnim im dhiaigh da gach laoch
Gion go f-faghbha tír acht fraoch,
Na h-éirgedh ar tir na c-ceall,
Na dech le a gniomh i n-ifrenn.- Da n-dechaind isin saogal seng,
Do bérainn tres re leigend,
Ni beind óil re h-óil 'sa ceall
Ar iomat óir na h-Eirenn.- Is í mo cluimh is mo lend,
A h-uir mar tá fam leit-cenn;
As fír gurab cuidh an ceall
As díon anma gid leith-glend.
{editor's section 6}- Maith leis gach anmain truaigh,
Fáidh gotha cluicc gan an buain,
Gidh siubladh uirre ima h-uaigh
Ind oidhce geimridh glan-fúair.- Maith le gach corp taidlech tend
A uaigh uime, gidh aithgerr,
Altaighim do Día na rend
Gan beith go cian o aifrend.- Maircc do chomhaighthech an naoimh,
An oilithrigh buidhnigh bain,
Ní bá rabhartaigh 'na tír,
Munba tabhartaigh a cháin.- Ni ferr dligeas cíos is cáin
{editor's section 31}
Da mhanach diles buddein,
Na don allmarach glic gluair
Ticc le buaibh d'adhbhrondadh féir.- Leac an codaigh le gach n-gliaidh
{MS folio 248a}
Agan cuire caidh nach cláon;
Turloch a c-catraigh caidh
Ag urgnamh don abbaidh náomh.- Gort na cathrach maith rea cur,
Rathmar a rath o ro gein,
Ard na n-aingeal tall 'na fhail,
Daingen nar lamhadh le neimh.- Biadh a oiremhan b-fionn b-fial,
Accar ghuirt na n-aingeal nán;
Loim na h-eillte a c-cuid caomh,
Ar brú reilge na naomh nán.Án.