Corpus of Electronic Texts Edition
The Miracles of Senan (Author: Unknown)

caibidil 7

{editor's section 14}

Fecht ele tangattar gadaighthi ar buaile in coitchinn, & gabhait {MS folio 245b} áon mhart amháin do bái acc senoir uasal do bhái ina shaccart 'san m-baile, & beirit go h-ionad imchian leo hí, & marbhait, & do cuirettar a croicend, & an laogh bói ina bolcc, hi f-folach hi b-poll móna. Do fóccradh an mart iarsin, & nir adaimh aon duine an mart. Ocus do iarr an senóir sin .i. an saccart Ua h-Uiginn ar Día & ar Senán f-foillsiuccadh d'faghail dó ara bhoin. A c-ciond míosa iarsin, tangattar na gadaighe remhráite dochum an phuill mhóna inar fáccbatar croicend & laogh na bó, & do toccbhattar asan b-poll íatt; & acc sccaoiledh an croicinn dóibh, do eirígh an laogh, & do léicc a trí géimionna ass. Ocus fá mór an t-iongnadh & an t-uathbás leisna gadaighibh in ní sin, & do sléchtsat do Dhía & do Senán, & tangattar gusan sagart, & tuccattar a bhreith féin dó, & do gheallatar gan en ní búdh olcc le Senan do dhénamh go brath.