Uair ele do chúaid Mathgamhain mac Domhnaill, mic Muircertaigh, do breith áirnéisi do bái arna Carnánaibh leis ar eiccin, & íatt ar comairce comharba Senáin; & do gabh tre buailidh an choitcinn. Ocus do h-eiccedh air, & tainic in comharba & in coitcend chuca, & do feradh treis aggarbh ettorra ar lár búailedh in choitchinn. Ocus do chaith Mathgamhain féin dá soighitt risan c-comarba & do bhuail air íatt, & nir tholl cidh a aédach. Ocus anuair do connairc Mathgamain an comharba