Corpus of Electronic Texts Edition
The Miracles of Senan (Author: Unknown)

caibidil 4

{editor's section 9}

Araile uair do bái tempall do themplaibh Senáin .i. Cill na Caillighi ba dona reicclésaibh ba h-annsa le Senán da raibhe aicce hé, acht Inis Cathaig amháin, ara shon sin do bhái do mhét inneachaid & aincreidimh in phopail, gur leiccset gan ord, gan aifrionn, gan altóir ann hé; acht suip tuighedh 'ma chend, & búaladh & losccadh, & gach ní dá anúaisle da dhenamh ann mar gach tegh oile. Gabhais fercc immorro an t-erlamh tríd sin, & issedh do roine. Lá da raibhe ben acc dógh arbha don taoibh thoir don tempall fedh urchair, & an gháoth aníar go dírech, do ling immorro gealbhonn do mullach an tempaill mar a raibhe an bhen, & do gabh seimhin ar lasadh ina bhél, & do ling chum an tempaill arís; & ro leicc an seimhin ar lasadh 'sa tuighe, go ro loisccedh an tempall, eter tuighe & chrand, & cloich. Iarsin immorro do chuirettar duthaig in bhaile rempu in tempall do dhénamh asa núa; & do thionnsccnatar teini aoil do dhénamh ara bharach.

{editor's section 10}

Tainicc immorro Senán an oidhce sin fein cum fir don bhaile darb ainm Giolla Senáin o h-Ettromáin, & at-bert fris: ‘Eirigh a márach go h-uillinn tighe inghine Úi Brúachain, & tochail tri troighthe ó uillinn an tighe amach & do-ghébhair


p.16

do sháith áoil ann’. Eirghis Giolla Senain ar maidin, & ruccustair rámhand & slúasat lais, & do thochail ag ullinn an tighe & fuair an t-aol ann amail adubairt Senán fris; & nir bó lughaitte an t-áol a m-beirthi as. Ocus do ruccatar a sáith léo de, go n-dernsat an tempall go diongmala, gurab cill cádhusach cóir osin alle hi.

Sgela na teinedh áoil ó sin amach: gach uile cinel galair do bhíodh for dhuine no for ainmidhe gan acht an t-aol sin {MS folio 244b} do chumailt de, do bhiodh slán gan fuirech; nó cloch da b-faghtaoi ann, & a téghadh, & a cur i n-digh doibh, do ícadh cach &c.

{editor's section 11}

Robái mennan becc bacach gabhair ag mnáoi 'san m-baile sin, 'ar m-brisedh a dhá chos & a dhroma. Do chuaidh leis gusan teine aóil, & adubhairt: ‘Dar mo bhreithir’, ar sí, ‘ni thiocfair assin, go t-taiséna Senán a mhiorbuile fort.’ Do fhaccaibh an oidhce sin arin aol é, & do cúaidh da fhechain ara bharach, & is amhlaidh fuair é, & uth mór bainne aicce, & e féin slan ina shesamh, & do slánaigedh a bhainne gach galar, & gach teidm da m-biodh ar dhaoinibh & airnéisibh; & do beirti do rioghaibh & d'escopaibh a bhainne sin ó sin amach. Ocus fós gach áon troisccfes ar lathair na teinedh aoil sin fri Dia & fria Senán, & do dhéna a fhaoisittin iarsin, & glacfus Corp Crist, do gebha an athchuinghe bás ail lais, muna raibhe i n-acchaid aiccnidh.