Corpus of Electronic Texts Edition
The Miracles of Senan (Author: Unknown)

caibidil 2

{editor's section 6}

Feacht oile immorro da t-tainic Murchadh mac an Espuic h-Í Briain co h-Inis Cathaig, & do bháttar báid innte, & do shantaigh siumh bád ar éiccin do bhreith eiste, tionoilit amach an baile & an coitcend go léir, & tuccatar fein & Murchadh tres aggarbh ainmín da ceile. Cidh tra acht do imtigh Murchad ar eiccin, & do loit sé cleirech don coitchend. Tainic Senan cuicce ind oidhche sin, & do gabh gráin & eccla & omhan mór eissiumh roimhe, {MS folio 243b} & do eigh co h-ard; & do gabh acc tairccsin a chruidh & a fheraind dílis do Dhia & do Shenan. Ocus ro chúala a bhen & a mhuinnter an comhradh sin; & do


p.12

fiarfaighetar de cred an comradh sin do bi aga dhenamh aicce. ‘Ataim’, ar sé, ‘acc tairccsin chendaigh móir do Senán; & ni ghabhann uaim hé. Ocus tucc buille do los a throstain hi mullach mo chiche clí, gur gabh an talamh tríom. Ocus déntar mo thiomna anosa, uair as deimhin go f-fuiger bás trém toiscc go h-Inis Cathaig an tan so).’