Electronic edition compiled by Beatrix Färber
Funded by University College, Cork and
Professor Marianne McDonald via the CELT Project
2. Second draft.
Extent of text: 4960 words
Distributed by CELT online at University College, Cork, Ireland.
Text ID Number: G201023
Availability
Available with prior consent of the CELT programme for purposes of academic research and teaching only.
CELT: Corpus of Electronic Texts
The present text represents even pages 234 of the published edition. All textual notes are omitted. It is envisaged to include them in a future edition.
Text has been proof-read twice.
The electronic text represents the edited text. Expansions are marked ex. Names are capitalized in line with CELT practice. Text supplied by the editor is marked sup resp="CP".
Direct spech is marked q.
Hyphenation was introduced. Soft hyphens are silently removed. When a hyphenated word (hard or soft) crosses a page-break, this break is marked after completion of the hyphenated word.
div0=the saint's life; div1=the chapter. Plummer omits chapter number 5. This has been corrected in the electronic edition. The editor's sections are marked up as milestones mls since keeping them would have caused overlapping hierarchies when tagging the poetry. Page-breaks are marked pb n="". Foliation is tagged mls unit="folio" n="".
Names are not tagged, nor are terms for cultural and social roles.
This text uses the DIV1 element to represent the caibidil.
Created: Date range: 14001600?.
Beatrix Färber (ed.)
Beatrix Färber (ed.)
Beatrix Färber (ed.)
Julianne Nyhan (ed.)
Peter Flynn (ed.)
Beatrix Färber (ed.)
Benjamin Hazard (ed.)
Beatrix Färber (ed.)
Staff of the CURIA project (text capture)
Beccán do sccélaib Senáin an ard-naoimh uasail oireghdha annso, do róine na fiorta follus-mhóra & na míorbuile toghaidhe sí, & antí aga rabhatar naomhóga lom-nochta gan croicinn acc iomloctadh chuicce & uaidh tar an b-fairrge; & antí do sháidh a bhachaill eter na buaibh & na gamhnaibh, co nach facaidh bó na gamhain a cheile dibh, & antí {MS folio 242a} riasa t-traighedh an mhuirlán, & 'ga líonadh sí 'na diaigh, & é ag breith damh a athar lais. Ocus an damh do ithettar na coin allta ind acchaid sin, ro bás acc tabairt a aithbhir fairsiumh. Iarsin immorro no ticcedh damh allaidh asan sliabh gusan seisrigh nó gusan ughaim tre rath an mheic so, & do theighedh 'san ughaim uadha féin, & do threabadh mar gach n-damh oile.
{editor's section 2}Ba maith rath an mheic so .i. Senán, óir do biod deichneabhar & secht fichit senoir salmach do lucht cuinge crabaidh & d'fior-muinntir Dé gach n-oidhche 'ma mhéis, mar dherbus an rand so:
- Secht fichit senóir salmach
'Na theglach go méd remenn,
Gen ar, gan búain, gan tíoradh,
Gan gniomhradh acht madh leighenn.
Do bí immorro an tegh sin re linn t-Senáin ag freccra an móir-fhedhma sin; & ro faccaibh Senan a bhennacht ag gach comharba da tiuccfadh dia éis do chionn a einigh do coimhétt. Ocus as í aithne deighenach do aithin ag dul docum nimhe dó, a shamhadh & a einech do coimhett mar dherbhus an rand so:
{editor's section 3}
- Mo bhoicht is mh'aidhidh go h-án
Tarm eis, a maccan. et reliqua.
Cid tra acht ní fétfadh tenga a tuiremh acht muna beith Dia 'ga furáilemh, {MS folio 242b} a n-derna Senan do mhíorbuilibh, & do mhóir-fiortaibh tre rath an Coimde. Acht cena, an méid as toghtha & as uaisle díbh atád scriobhta hi seinleabhraibh fó chádas & fo onoir móir. Ní dona fertaibh na dona miorbhuilibh do ronadh remhainn re lind t-Senáin as ail lind labairt anois, acht na neithe nuaidhe nemh-doirche, & na fiorta fiadhnacha, & na miorbuile mor-aidhble doní se anois, & do rinne re lind Toirrdhealbhaigh mic Taidg, mic Concobhair, mic Donnchaidh Cairbrigh, do bí 'na Úa Bríain náoi m-bliadhna fichet, & re lind Dondchaidh mic Toirrdelbaigh mic Taidg, & re lind Diarmata mic Donnchaidh, mic Briain ruaidh, & re linn Mhuircertaigh mic Toirrdelbaigh mic Taidg. Oir ni raibhe mac i n-ucht, na inghen ar altrom, na ócc, na áosmar, nar bó fiadain ar na fiortaibh
Scela an Toirrdelbaig sin mic Taidg. Do ghabh sein ricche an gharbh-chóigidh .i. Tuadmuman, & do bái gach maithes re a linn, oir do ba torthach talamh &c. Ocus ro bái re h-athaid d'aimsir mar sin. Iarsin immorro do tóccbadh nós & dlicched i n-aimsir Thoirrdealbaigh: gibe duine do muirfedh duine ele 'san tír, muna beith a lain-éraic aicce fein, a búain da aicme; & muna beith aga aicme, a bhúain da thúaith; & muna beith 'ga túaith, a bhúain dona secht tuathaibh bud goire doibh. Do h-airccedh & do lomad morán leisan nós sin, & ge do éirgettar uird riaghalta na h-eccaílsi, nír cuiredh an recht sin ar cul léo.
{editor's section 5}{MS folio 243a}Tarla do dhuine do muinntir Senain duine do marbadh; & do bái an éraic aga h-iarraidh ar thermann Senain; & adubairt an comharba, & an prióir, & an sacrista Innsi Cathaigh, & in coimhthionol go h-iomlán, nach tiubhraitis féin uatha hí, & gurb eccóir a h-iarraidh ar aonduine acht ar anti do dhenadh an gniomh, & nir gabadh sin uatha; óir tainic Toirrdelbach mac Taidg féin da n-ionnsaicched, go rainicc go tegh
Feacht oile immorro da t-tainic Murchadh mac an Espuic h-Í Briain co h-Inis Cathaig, & do bháttar báid innte, & do shantaigh siumh bád ar éiccin do bhreith eiste, tionoilit amach an baile & an coitcend go léir, & tuccatar fein & Murchadh tres aggarbh ainmín da ceile. Cidh tra acht do imtigh Murchad ar eiccin, & do loit sé cleirech don coitchend. Tainic Senan cuicce ind oidhche sin, & do gabh gráin & eccla & omhan mór eissiumh roimhe, {MS folio 243b} & do eigh co h-ard; & do gabh acc tairccsin a chruidh & a fheraind dílis do Dhia & do Shenan. Ocus ro chúala a bhen & a mhuinnter an comhradh sin; & do
Fecht ele da thainicc Risderd de Clara líon a thionoil go crich Corca Bascind, & do h-airccedh an tír léo, eter túaith & chill, & do sháraigh sé tempall Senáin. Iarsin teid an gall da daingen, & dá dún-árus fein. Ocus fa dubach droch-mhenmnach an samhadh & a coitchenn dá sárucchad i neimedh Senáin, & da-rónsat sin gerán fri Día & fri Senán. Ocus do iarratar ar Dhía cend na comhairle do chiorrbadh; & an lucht sínte laimhe do léir-sccrios.
{editor's section 8}Tainic Senan in oidche sin d'ionnsaicched an t-sacrista. Ocus do fhiarfaigh an sacrista de ca raibhe ag dol. Adubairt Senan go rachad do dhioghail a sháraighthe arin c-Clárach, & do gabh an rann dó:
Cidh tra acht nir bo cudrama an coimhgleic, úair tarla buille do trosttán Senáin don Chlárach, gur thimchill a shaoghal; & do
- Do deonaigh damh Rí nimhe,
Rí an t-sloigh, cend gach comhairle,
Lucht craite mo cuirp fam cill
A c-cuirp do cradh gan choigill.
Araile uair do bái tempall do themplaibh Senáin .i. Cill na Caillighi ba dona reicclésaibh ba h-annsa le Senán da raibhe aicce hé, acht Inis Cathaig amháin, ara shon sin do bhái do mhét inneachaid & aincreidimh in phopail, gur leiccset gan ord, gan aifrionn, gan altóir ann hé; acht suip tuighedh 'ma chend, & búaladh & losccadh, & gach ní dá anúaisle da dhenamh ann mar gach tegh oile. Gabhais fercc immorro an t-erlamh tríd sin, & issedh do roine. Lá da raibhe ben acc dógh arbha don taoibh thoir don tempall fedh urchair, & an gháoth aníar go dírech, do ling immorro gealbhonn do mullach an tempaill mar a raibhe an bhen, & do gabh seimhin ar lasadh ina bhél, & do ling chum an tempaill arís; & ro leicc an seimhin ar lasadh 'sa tuighe, go ro loisccedh an tempall, eter tuighe & chrand, & cloich. Iarsin immorro do chuirettar duthaig in bhaile rempu in tempall do dhénamh asa núa; & do thionnsccnatar teini aoil do dhénamh ara bharach.
{editor's section 10}Tainicc immorro Senán an oidhce sin fein cum fir don bhaile darb ainm Giolla Senáin o h-Ettromáin, & at-bert fris: Eirigh a márach go h-uillinn tighe inghine Úi Brúachain, & tochail tri troighthe ó uillinn an tighe amach & do-ghébhair
Sgela na teinedh áoil ó sin amach: gach uile cinel galair do bhíodh for dhuine no for ainmidhe gan acht an t-aol sin {MS folio 244b} do chumailt de, do bhiodh slán gan fuirech; nó cloch da b-faghtaoi ann, & a téghadh, & a cur i n-digh doibh, do ícadh cach &c.
{editor's section 11}Robái mennan becc bacach gabhair ag mnáoi 'san m-baile sin, 'ar m-brisedh a dhá chos & a dhroma. Do chuaidh leis gusan teine aóil, & adubhairt: Dar mo bhreithir, ar sí, ni thiocfair assin, go t-taiséna Senán a mhiorbuile fort. Do fhaccaibh an oidhce sin arin aol é, & do cúaidh da fhechain ara bharach, & is amhlaidh fuair é, & uth mór bainne aicce, & e féin slan ina shesamh, & do slánaigedh a bhainne gach galar, & gach teidm da m-biodh ar dhaoinibh & airnéisibh; & do beirti do rioghaibh & d'escopaibh a bhainne sin ó sin amach. Ocus fós gach áon troisccfes ar lathair na teinedh aoil sin fri Dia & fria Senán, & do dhéna a fhaoisittin iarsin, & glacfus Corp Crist, do gebha an athchuinghe bás ail lais, muna raibhe i n-acchaid aiccnidh.
{editor's section 12}Feacht ann do gabh Donnchad mac Domhnaill mic Briain ruaidh cendus ar crich Chorca Baiscind, gur chuir a shlóigh & a buannadha istech foran tír, & ro bái d'iomat a cheithern & a dhamh coimhittechta, co roichedh búanda arna trí búaibh da raibhe 'san tír, & nír dhiol doibh sin. Do chuaidh Donnchad Úa Briain fein do shárucchad cheall t-Senáin, & do thabairt a c-cruídh uatha d'áis no d'éiccen. Ocus do cuaidh go Cill na Caillighi, & go Cill Chuiridáin, & go Ros an Aircéil, &
Uair ele do chúaid Mathgamhain mac Domhnaill, mic Muircertaigh, do breith áirnéisi do bái arna Carnánaibh leis ar eiccin, & íatt ar comairce comharba Senáin; & do gabh tre buailidh an choitcinn. Ocus do h-eiccedh air, & tainic in comharba & in coitcend chuca, & do feradh treis aggarbh ettorra ar lár búailedh in choitchinn. Ocus do chaith Mathgamhain féin dá soighitt risan c-comarba & do bhuail air íatt, & nir tholl cidh a aédach. Ocus anuair do connairc Mathgamain an comharba
Fecht ele tangattar gadaighthi ar buaile in coitchinn, & gabhait {MS folio 245b} áon mhart amháin do bái acc senoir uasal do bhái ina shaccart 'san m-baile, & beirit go h-ionad imchian leo hí, & marbhait, & do cuirettar a croicend, & an laogh bói ina bolcc, hi f-folach hi b-poll móna. Do fóccradh an mart iarsin, & nir adaimh aon duine an mart. Ocus do iarr an senóir sin .i. an saccart Ua h-Uiginn ar Día & ar Senán f-foillsiuccadh d'faghail dó ara bhoin. A c-ciond míosa iarsin, tangattar na gadaighe remhráite dochum an phuill mhóna inar fáccbatar croicend & laogh na bó, & do toccbhattar asan b-poll íatt; & acc sccaoiledh an croicinn dóibh, do eirígh an laogh, & do léicc a trí géimionna ass. Ocus fá mór an t-iongnadh & an t-uathbás leisna gadaighibh in ní sin, & do sléchtsat do Dhía & do Senán, & tangattar gusan sagart, & tuccattar a bhreith féin dó, & do gheallatar gan en ní búdh olcc le Senan do dhénamh go brath.
{editor's section 15}Fecht ele do bhattar cleirigh an bhaile fein i c-caibidil, & do rónsat do chomhairle sépel do denamh do Muire; & do
Taispenadh adhuathmhar tadhbás don t-senóir Úa Cairill .i. saccart Innse Cathaig aroile oidche ina iarmeirge. Ocus is amhlaidh tainicc cuicce .i. dealbh coirtighe, cíordubh. Cros Críst ettrom & tú, ar an saccart, & cía tú féin? Mac Bethadh mac Neill {MS folio 246a} mic Murchada meisi, ar sé. Cidh rod dubhustair fon ionnus sin tú? ar in senoir. Ninsa. Roimét mo péine & mo pheacadh, óir is amhlaidh bím, & pluc mor do demhnaibh umam isind áer, & sústa imdha iarnaidhe aca aga n-gabháil im cend dibh. Ocus gidh doiligh damh sin, as doilghe damh m'athair do beith ina comnaidhe ar múr naoimh, & maircc bhíos and. Ocus is maircc damhsa sech cách m'athair do bheith a c-comfoccus don chill: úair gib é do dhéna ingreim ar mhúr naoimh ar bith, & co h-áiridhe ar Inis Cathaig, beid na deich cet & an fiche cet naomh do róine cairdes & aonta fri Senán aga aithber air féin, & ara shliocht ina dhíaigh. Ocus an tan do-gníther eccóir no inghreim ar an inis naoimh so, teccait na naoimh sin as gach aird dia dhíoghail ar an lucht ro-s-dingne; & ro chan an láidh ann:
- Án an cathair caomh so anocht,
Inis Cathaig, caomh a tlacht;
Mochen corpán téid fo h-úir,
Iomdha aingel ciuil 'na port.- Maircc thocráidhes an saor seng,
Senan sochla na sruith m-binn;
As í falaidh bía dó ann,
Nemh is talamh uaidh da chiond.- Lucht dioghla faladh an naoimh
{editor's section 18}
Is solamh teccait fon n-gáir;
Deich cet ar fichit cet naomh
Teccait go sáor tar in sál.- Maith an toirecht ticc a túaid
Do naomhaibh Doire fon n-gáir,
Oirecht Mochuda do céin,
Is Bairri budein ina n-dáil.- Ticc ó Chlúain Eraird a c-céin
Buidhen t-seimh d'áos in gráidh,
Oirecht fíal Ciaráin ó Clúain,
Siar go mór-dhail Muighe Máil.- Ticc Caoimhghin ó Ghlionn dá Loch,
{editor's section 19}
Ticc Berach go fir in flaith,
Do-icc Subach, saor an sruith,
Ticc Béoog on tuinn moír maith.- Muinend, is mac Solaim siar,
{MS folio 246b}
Is solamh teccait fon n-gáir,
In t-espoc Fergús fionn fial
Go mer-gus dían ina n-dáil.- Do-ic Maolchorgais ale
Go h-Íarlaith for conair n-gle,
Is Follán do icc anoir.
Comán co cét naomh sodhain.
- Do-s-ficc Brénainn buidhnech bán,
{editor's section 20}
Ticc cet o Cill mic Ronáin;
Ticc Nessan mor tar in sal,
Re les teccait na Cronáin.- Tiocfaidh Caireall, cáid an cing,
Tar sál ó Árainn gan fheall;
Ticc Feichin Fabair in fionn
Tar lind do chabhair na c-ceall.- Ticc Lughna an Áonaigh an aigh,
Is ticc slogh Mughna da n-déoin,
Teccaitt na Colmáin go caidh,
Uch, a Dhé, as anbháil an fhoir.- Ticc Eralt fa shen ale
{editor's section 21}
Co slogh do naomhaibh Luigne;
Ticc Manchán do dheoin Dé dil,
Ticc Berchán cona buidnibh.- Ticc Tigernan Oiridh án,
Ticc Mocúa Balla fa déoigh;
Ticc an Gall craibhdech co cáidh,
Le laimh ni h-áilghen an fhóir.- Greallan Craoibhe cruaidh na cath,
{editor's section 22}
Lendán fuair gach rath 'na rith;
Tiocfaidh Fursa, fial an flaith,
Cidh cían, as daith thiocfus sin.- Ticc Ceallach mac Conmaic caidh,
Ticc an feochair fial Flandán,
Ticc Úa Súanaigh sunn fon n-gair
Go sluaghaibh caomha Candáin.- Colam mac Criomhthain go rath,
Ba rond nír thiormaigh a ghuth;
Caimín Innsi Cealtra a cath
Asa indsi ticc fan n-guth.- Ticc Ailbhe sech grein ale
Da réir, ocus mac Luighne,
Ocus ticc Mac Duach alle
Co luath, ocus Mochuille.
- Ticc Luchtigern go dian d'ar f-fios,
{editor's section 23}
Do-beir Scenmán sciath 'sa treas;
As rathmhar a n-glór a bhus,
Blathmac leisan slogh d'ar les.- Mac Leinin an gai géir gloin,
Molaga fá dheoigh mar ailt,
Fionnchu Brí gobhann an guirt
Ní anfa co ticc fon airc.- Comhgall, Cainneach, Lactin lais,
{MS folio 247a}
Mochua Balla, caidh a tres,
Ruadhán Lothra luath don lios
Ticc leisan sluagh d'ar les.- Ticc Flann mac Aircheallaig ain,
{editor's section 24}
Ticc an feochair fial Findán,
Do-icc Carrtach as taom trír,
Ticc Mainech mór mac Lairin.- Ticc oireacht Árand aníar
Tar sal-mong mara nach mín;
Teccait naoimh in cadaigh cáidh
Gusin abbaidh nán co fir.- Go Senán cáidh ina chill,
Go sosadh na sáor-long seng,
Gér bó bocht a ré rea lind,
Acc Mac ochta Dé ni fand.- Mor socraite in naoimh, ni brécc,
{editor's section 25}
Ó Charn Í Néid go Sliabh Fúaid,
Deich cet sin ar fhicit céd,
Is í méd teccait fon rúaig.- Maircc duisges an slogh-sa amach
Tre shárucchad na cathrach,
Bidh gairitt, bidh suaill a rath,
Bidh fada búan bus aithreach.
- Maircc do bheir an sluagh sa alle
O chriochaib cíana Cime,
Ni bá sámhucchad bías de
Tre shárucchad na cille.- Atú ag rádh briathar nach bras
{editor's section 26}
Cille caidhe is caoimhe at-clos;
Oirecht aingeal and gan ces
[gap: extent: one line]- Mac mé meic bethad nach buan
Eter sretaibh sluagh nach saor,
Ropsam tendál ar bith búan,
Munbhadh Senan na sluagh sáor.- Maircc beires ferond an náoimh,
Ni mochenonn beith 'na n-dáil;
Maircc da gach duine fofuair
Beith go cruaidh 'na cuile caidh.- Uch, dam ratt mo naomh go nocht,
{editor's section 27}
As oram do thuit a claon olc,
Isedh do bheir mé uaidh go h-olc,
Beith go cruaidh isin naomh-port.- Maircc bíos a c-comhfoccus ceall,
Maircc nach aithigh go h-aifrenn,
Ferr beith a c-cloch-dinibh ceall
Na ag droch-daoinibh na n-gaithlend.- Occlach bios a n-ulca naoimh
Ro fhedar nocha bia a mháoin;
Téid as a cland is a chrod,
Is bídh féin tall ar droch-shorthan.- Dá madh lan dom síol gach raon,
Nocha raghaind-si re taobh;
Nocha berainnsi a tir uaidh,
Ge madh lionmar mo mor-sluaigh.
{MS folio 247b}- Ge adértai mo ghort glan,
{editor's section 28}
's gurab é m'athair no threabad,
Da m-beith a b-foccus don cill,
Ní ragh air acht go h-innill.- Fód do breith d'feronn na naomh
Nocha déoin don Spirut Naomh;
Maircc bheires dó féin gid gar,
Ar a fhod bais a dhioghal.- Maircc do-ní tegh ar múr naoimh,
Maircc don fhine téid re a thaoibh,
Maircc um a meic ocus fiora,
Do gheibh tra a troim-iodha.- Baoghal don righ ticc re cill,
{editor's section 29}
Do faoth d'faobhar no do rinn,
Gan crodh, gan coimdhe teit as,
Do bheir an Coimdhe d'Iudas.- Gach a n-dernus im chorp criadh
Do gach olc, da gach anríar,
As mó do cuir meisi hi f-fán
A thír do breith ó Senán.- Aithnim im dhiaigh da gach laoch
Gion go f-faghbha tír acht fraoch,
Na h-éirgedh ar tir na c-ceall,
Na dech le a gniomh i n-ifrenn.- Da n-dechaind isin saogal seng,
Do bérainn tres re leigend,
Ni beind óil re h-óil 'sa ceall
Ar iomat óir na h-Eirenn.- Is í mo cluimh is mo lend,
A h-uir mar tá fam leit-cenn;
As fír gurab cuidh an ceall
As díon anma gid leith-glend.
{editor's section 6}- Maith leis gach anmain truaigh,
Fáidh gotha cluicc gan an buain,
Gidh siubladh uirre ima h-uaigh
Ind oidhce geimridh glan-fúair.- Maith le gach corp taidlech tend
A uaigh uime, gidh aithgerr,
Altaighim do Día na rend
Gan beith go cian o aifrend.- Maircc do chomhaighthech an naoimh,
An oilithrigh buidhnigh bain,
Ní bá rabhartaigh 'na tír,
Munba tabhartaigh a cháin.- Ni ferr dligeas cíos is cáin
{editor's section 31}
Da mhanach diles buddein,
Na don allmarach glic gluair
Ticc le buaibh d'adhbhrondadh féir.- Leac an codaigh le gach n-gliaidh
{MS folio 248a}
Agan cuire caidh nach cláon;
Turloch a c-catraigh caidh
Ag urgnamh don abbaidh náomh.- Gort na cathrach maith rea cur,
Rathmar a rath o ro gein,
Ard na n-aingeal tall 'na fhail,
Daingen nar lamhadh le neimh.- Biadh a oiremhan b-fionn b-fial,
Accar ghuirt na n-aingeal nán;
Loim na h-eillte a c-cuid caomh,
Ar brú reilge na naomh nán.Án.