Corpus of Electronic Texts Edition
Tiughraind Bhécáin meic Luigdech do Cholum Cille ann so [Dofed andes a ndáil Fíadhatt] (Author: Unknown)

p.197

{MS page 114}
  1. Dofed andes a n-dáil Fiadhatt, findál caingeal,
    Columb Cille cétaibh landa, lethan caindeal.
  2. Cáine rissi, ríge la Día a n-deoidh retha,
    ríghe n-úasal ó rochindi céimmo betha
  3. Brississ tola, do-bert1 cocrú cró n-glinde,
    gabhaiss foraibh finnuibh coruibh Columb Cille.
  4. Caindeal Condacht, coindeal Alban, amhra fíadhatt,
    fichtibh curach cechuing trichait troichet cíabhat.
  5. Cechaing thondaig tresaigh maghain mongaigh rónaigh
    rolaind bedhgaigh bruichrich barrind fáilidh m-brónuigh.
  6. Birt búaidh n-eccna hi cúairt Éirenn co m-bó h-arda,
    amra n-anma, ailter Leatha, líntar Alba.
  7. Amhra tuire, teóra lemna, lethnaibh coraibh,
    Columb Cille ant gnóö gnótho foraibh.
  8. For muir gáirech gart an ruirich fallnar mílibh,
    follnur magh ós m-bruighibh réidhibh, ríghaibh, tíribh.
  9. Trínóit hi seilbh siächt cobluth caoin conúalath,
    úasal la Día dia m-ba forderc fesccur, m-búarach .
  10. Búachail manach, medhamh cléirech, caissi rétaibh,
    ríghdhaibh sonnaibh sonaibh tedmann trichtaibh, cétuibh.
  11. Columb Cille coinneal tóidhius teóra reachta,
    rith h-irroídh tuir doréd midhnocht maighne Erca.
  12. A2 eír tinach tinghair niulu nime doghair,
    dín mo anma, dún mo úadh h-úä Conaill.
  13. H-úa Conaill cloth co m-búadhuibh . ba caín m-betha
    bá bárc maone . bá muir n-eccna . h-ua Conuill costigh daoine.

  14. p.198

  15. Bá dair n-duillech, bá dín n-anma, bá h-ald n-glinne,
    ba grían manach, bá mór coimdhe Columb Cille.
  16. Ba caomh3 dia m-bo h-adhba ail fri rolainn,
    roppo dorair dú forría imdha Coluimb.
  17. Colaind crochsus, sgoirsiss for faill finna taebha,
    dogó dána dén is lecca, léiccis cráobha.
  18. Lécciss coilcthi, lécciss cotludh, caoine bertaibh,
    brisiss bairne, ba fri fáilti, feisibh tercaibh.
  19. Teachtaiss liubhra, lécciss lá slán selba aithri,
    ar sheirc léighind léiccis coicthi, léicis caithri.
  20. Légiss cairptiu, carais noö, námha guáa
    gríanda loingsech, léicciss lá seól sealmand cluaa.
  21. Columb Cille, Columb robaoi, Columb bíaas,
    Columb bithbeó, ní hé sin in snádhudh cíaas.
  22. Columb canma gu dáil n-écca íarum, ríaamh,
    ríaraibh imbhaiss4 imá comhairc cách fongníaam.
  23. Guidhe már ghuidhe maic do Eithne is ferr maoinibh,
    m'anam dá dheis dochum ríchigh re n-doman dainibh .
  24. Dia for-roghena ríghdha écnairc hi lantt leasaibh
    lá toil n-aingeal h-úa treibh Conaill cressaibh.
  25. Cearnach dubhairt Día do adhradh aidhchibh, laithib,
    lámhuibh fáenaibh, finnaibh gartaibh, gnímuibh maithibh.
  26. Maith bói hi curp Columb Cille cléirech neamba
    imbed fedbach fírían m-belmhach, búadhach tenga.
  27. D. f. a.