Corpus of Electronic Texts Edition
Der Ursprung des gregorianischen Kirchengesangs [Mac atcúala is domain tair] (Author: Unknown)
p.114
{MS folio 174b1}
- Mac at-cúala is domain tair
a crích Iuda 'san Beithil,
rí ro cum in cruindi cóir
amail indises canóin.
- Ingnad robí in mac go m-bloid
tánic eter Iudadaib,
amlaid itá in rí go rath
gan deiredh is gan tosach.
- Ro gab format Irúath án
re mac Muiri na mórdál,
do drech Irúath, céim nár cóir,
do marbudh Ísu ardmóir.
- Adubairt Grigair and sein
re h-Irúath an aidchi-sein:
'is í comarli is cóir dhe
a marbud meic móir Muire.'
- Idubairt Irúath and sin
re Gamut guna muinntir:
'éirig is comét in laind
go marbthar Ísu álaind.'
- At-ruacht Gamut go n-guth m-bind
a n-diaig ingini Iachim,
go cúala ceóla ba dlecht,
orgán & cantairecht.
- Do gabsat gloria glan
aingil nimi da móradh,
'san tulaigh i rucad Día
do gab Grigair in gloria.
- Da-rónsat aingil 'ga thig
ceóla comarle don Chomdid
go tuc Gamut leis da thig
na ceóla go teach Grigair.
- Tan da-cúala Grigair glan
ceóla cuibdi na n-aingel,
tresna ceólaib sein ar sein
do creit Grigair in Comdid.
- Bé, Mí, Ré, La, Fa, Mí find,
dalta da Grigair go grind,
do cumsadar sin gu cóir
in cantairecht fo chétóir.
- Tánic Sol gle glan go m-bloid
go oidi féin go Grigair,
gor cuir a chuitig go ceart
go cubaidh 'san cantairecht.
- Ré ocus Ut go réim n-án,
is íat ro-glés in t-orgán,
go fuil a cuitigh go ceart
go cubaid 'sin cantairecht.
- Grigair mac Ardnóis gu nert
'gar cumad in cantairecht,
ab Róma i re Irúaith thair
re Grigair do Ghædelaibh.
- Tánic rath in Chomdead cain
ar Grigair cona daltadaibh,
gor creitset in slúagh gan acht
Grigair triasan cantairecht.
- Sé cét míli, báig go m-bloidh,
d' Iudadaibh in n-aidchi sein
do creit do Grigair go h-án,
do candais leis a orgán.
- A sein da cúaidh isan Róim
Grigair go n-imat a slóigh,
is ra suidh 'san Róim go cert
go raibi 'na h-abdainecht.
- Ro h-indisead d'Irúath sein
Grigair d'éludh le muinntir,
is ro gell Irúath iar sein
nách bíad a dín for talmain.
p.115
- Rangus ó Irúath 'na diaig
& roba lám a n-gliaigh,
is é sin cet cath amach
Iudadh agus Cristaigech.
- Iar sin ro-mebaidh in maidm
ar muintir Irúaith agairb,
nír gabud re Grigair de
secht laithi na sechtmaine.
- Secht mbliadna go leith gan lén
isan Róimh gan imarlén,
recht n-abaidh iar sein rogab
etér Grigair is Pedar.
- Marbud no-beired uili
na h-abaidh sin Armenni,
isan Róim sin, báigh go m-bloidh,
ga cosnam re h-Iudadaibh.
- Tánic Peadur, réim go m-bloid,
gor shuidh a n-inadh Grigair,
is go raibi and iar sein
ag fognadh don mórChoimdid.
- Cúig bliadna is cóic cét gan lén
isan Róim, gan ederlén,
etir Pedar, báigh go m-bloidh,
is Grigair do Gædelaibh.
- Grigair mac Tuilegnaid teand
ardab na Róma a h-Érend,
is ris aderair iar sein
Grigair Róma na n-Gædel.
- Do riachtadar Gædil sair
go Róim a n-degaid Grigair,
go tucad manchini dáibh,
do Gædelaib gan dimbáigh.
- Is cian rosræined amach
Iudaich a crích Rómánach,
fada ón Ierusalemh soir,
uail1 itá ceand in cogaidh.
- Ní dligend cantairecht cóir
do tócbáil agun altóir
neach nach findfa, líth gan acht,
inní data in cantairecht.
- Poliponus, Dunstán grind
ro cumsat Kirie inn aiffrind,
ro cumsat Kirie go h-án
Poliponus is Dunstán.
- Ro cum Grigair gredáil glan
isan aiffrend ard úasal,
da facaibh 'na inad án
dar cum Grigair in gredál.
- Ceathrur suidhiscél slangha
ro cumsat na soiscéala,
d'indisin scéala dia dhe
agus do t-shílad creitme.
- Lechtain le Pedar go m-blad
isan affrend ard uasal,
Alaxandair Róma, itclos,
is é ro cum in Sanctus.
- Ro cum Septenáir sund tra,
ardrí na Saxan særdha,
Septináir fri Solam trán
agus Agnus fri Dunstán.
- Ro cum Sencais go cóiri
fatadh cæm na canóni,
is d'indis do gach tur thoir
in scél mór-sa is da macaib. Mac it-cúala 'san tír toir.