Corpus of Electronic Texts Edition
Life of St. Declan of Ardmore (Author: Unknown)

caibidil 44

An diaigh na miorbhuile nemhgnathacha sin do dhénam do Declán dob áil lind crioc do cur ar ar comrada. Agus na


p.68

miorbuile iomda do rinne sé nach scriobhthar annso do tuiccsin agus daithne as an méitt do scriobhamar dibh. Agus dob ail linn fós a fhios do bheith aguibh gus slánuigh sé daoine esslána agus gur shoillrigh sé súile daoine ndall, agus gur ghlan daoine ó lubhra agus go ttucc siubhal do bhacachaibh agus go ffuair eistect do bhodhraibh agus moran decsamlact tinnis in ionadhaibh iomda ele ar fud Erinn do shlánucchad ag nach sccriobhtar annso iatt lena ffad, agus ar a lionmairect le na scriobhadh deccla go madh eimhilt le lucht a legtha no a neistecta moran do labairt daon pearsain amháin. Agus ar an adhbhar sin leiccfem torainn íatt.