Corpus of Electronic Texts Edition
Life of St. Declan of Ardmore (Author: Unknown)

caibidil 43

Do chuir an t-airdespoc naomhtha glórmar .i. Patraicc neach da deiscioplaibh fein cum Declain le cumhactaibh agus le haithne an airdespuic. Agus ar ndol dó isin rann teas dona Deisibh do baidhedh in abhainn ainnsein he da mile ó chathair Declain. Agus ar na chlos sin do Declan rob olc leis agus adubairt:—'Go deimhin as olc lim deiscipal Dé agus Patraicc do chuir dom ionnsaighe é (abhann im dúthaig féin da bhathad) déis Ereann do shiubhal dó agus gabaidh mo carpat damh


p.66

go luath go ndechainn dfechain a thaise ionnus go ccluinedh Patraic deithite agus toirsi do bheith agam fa bhás a deiscipail.' Agus do tóccbadh roimh Declan an corp ag daoinibh ele do bi accomhfoccas dó. Agus do cuiredh in eletrom é dá bhreith cum Ciárain da adhnacal agus tarla do Declan iátt isin sliccid. Agus do fhurail an corp do thurnamh go lar. Agus do ba doigh leosamh gur abe a ord marbh dob áil leis do radha. Agus do chuaid mar a raibe an teiletrom agus do toccaibh an brat do bi ar acchaid agus do connairc teimlighthi mignéthech í mar bíd aighthe na ndaoine báitter. Agus do rinne urnaighthe and sin cum Dé agus do dhoirt dera agus ní chúala énduine ni da ndubhairt. Agus a dubhairt ina diaigh sin:—‘In ainm na Trinoide, in ainm an Athar agus an Meic agus an Spiorait Naoimh dá niomchuirimse cuing crabaidh eirigh cuccainn oir do aisic Dia do bheatha damsa.’ Agus do eirigh go luath leis an nguth sin agus do bhennaig do Dheclán agus do cách uile. Agus do ghabh Declan é maille le honóir agus a dheiscipuil. Agus do bí sé ann sin gan beith slan21 act mar dhuine ar néirge a heslainte no go ttainic se an diaigh achele chum slainte. Agus do chúaid le Declán agus do bí aimser ina fhocair agus do fhás gairdechas mór iccathair Declain dona miorbuilibh sin agus do lethnaigh a ainm agus a clú fona criocaibh accoitcinne. Agus do bé ainm an deiscipail sin Phatraic, Baillin. Agus do iompó chuicce maille le gairdechas mór agus ro innis dó Déclan día aithbhéougadh agus do innis do mhóran ele narbhé. Agus ar ccloistin na míorbhuile sin do Phatraicc hi ffiadnaise móran do dhaoinibh tucc grasa agus moladh do Dhía agus do mheádaigh ainm Declain.