Corpus of Electronic Texts Edition
Life of St. Declan of Ardmore (Author: Unknown)

caibidil 38

La ele tainic bean do mhainistir Déclain agus ni fada ón chathair mar ambiodh a comnuidhe. Agus do rinne gadaighect an lá sin isin mainistir mar do rinne go minic remhe, agus ise ní do goid sí .i. habellum, agus do imtigh on mbaile agus sin lé agus tarla uirre luct sliccedh moire agus do shluicc an talamh ina fiadhnaise hí agus do teilcc si an tabellum asa huct, agus do ronadh cloch dhe go luath agus do thoccbhattar luct na sliccedh an cloch agus ruccattar leo hí chum Déclan agus do conaircc Declan féin go spioratalta gach ní da ndearnadh ann sin ar in mnaói sin in inneachadh na


p.60

gadaighecta agus as mór do méadaighead ainm Declain ona miorbuilibh sin agus do gabh eccla cách uile ina fiadhnaise agus don taoibh amuigh de. Agus maraidh fós an cloch sin irreilic Decláin ina bhaile féin in Ardmór Declain agus hí ar na suidhiuccadh in ionad ard innte accuimhniuccadh na míorbuili sin.