Corpus of Electronic Texts Edition
Life of St. Declan of Ardmore (Author: Unknown)

caibidil 37

La ele do bi Declan ag siubhal isin rann tuaidh iMuigh Feimhin laimh le Siúr, agus tarla doibh duine aga raibhe lenab becc gá breith dia baistedh agus a dubairt Declan re na muinntir: ‘Anaidh ann so go mbaisttinedh an naoidhe útt,’17


p.58

óir do foillsigedh dó on Spirat Naomh gur ab do do18 Dhía do fhoighénadh sé. Agus adubairt an tocclach ris nach raibhe soidhtech no salann aicce chum an bhaistthe. Agus a dubairt Declan, ‘Atá soidthech fairsing aguinn an tSiúir agus do bhéra Dia salann dúinn chum na náiden so óir bádh naemhtha miorbhuilech é.’ Agus do thoccaibh Declan lan a dhuirn dúir na talman agus do rinne urnaighe ina inntinn cum Dé agus do chomharthaigh o chomharta na croiche cesta hí. Agus do rónadh saland tirim geal di agus tuccattar cách uile aga fhaiccsin sin moladh agus onóir do Dhia agus do Declan. Agus do basttedh an naoidhe ainnsein agus tuccadh Cíaran dainm fair. Agus a dubairt Declán: ‘Oilidh go friochnam19 an mac spioratalta so accamsa, agus cuiridh do denamh leighinn in aóis iomcubaidh é, chum duine craibhdhigh aga mbía an creidemh go maith óir bud solas dealraighteach an posta isin ecclais e.’ Agus dob í an naoidhe sin Ciaran mac Eachac do chumhdaigh iar ffoirbhthiugadh dó mainistir onorach as a ndeachaid fein chum nimhe agus inaid ele maille fria; agus do rinne móran do mhiorbhuilibh agus do chomharthaibh naomhtachta. Agus isé ar ainm don mainistir sin— Tiprut, agus is ann atá sí isin leith thíar dona Deisibh in Uibh Faithidh ettar Slíabh Crot agus Slíabh Cua agus is deaspuccoidecht Declain hí.