Corpus of Electronic Texts Edition
Life of St. Declan of Ardmore (Author: Unknown)

caibidil 36

La ele do baoi Declan ag siubal agus cuidecta mór maille ris mar fa gnath leis, agus do thuit neach dibh isin slighidh agus do brisedh a lurcca ar dó agus do connairc Déclan sin agus do ghabh trocaire do e agus adubart le nech ele an chos do chengal gunach faghadh se bás ó roméd a tinnis agus ateilccin fola. Agus adubhrattar uile nar fhettattar tré uathmairecht na cneidhe. Agus do bi nech ele don chuidectain dár bhainm Dalúadh agus do cuaidh go dána láidir do cum na cneidhe agus adubairt ‘In ainm Criost agus Declain ar bpátruin biaidh meisi im liaigh ag in ccois so’ agus as dábhoct adubairt sin: gidhed do chengail go maith an chos agus do bhennaig go maith í in ainm Dé & Declain hi fiadhnuise cáich agus fa ferr sa các do bi sí an uair sin féin. Agus accionn tamaill bicc do chnesaigh an chnedh agus do bí slan. Agus tuccatar uile moladh do Dia, agus a dubairt Declan re Daluadh, ‘Do ghellais go mbeithea it liaigh ag in ccois sin in ainm Criost agus im ainmsi agus tucc Dia dhi bheith slan ris na briatraibh sin. Agus ar an adbhar sin biaidh tusa it liaigh dearbhtha, agus bhiaidh do cland agus do síol it díaigh go brath. Agus gibe do shaothrochad leighes in ainm De agus im ainmsi act nach raibhe fuath agaibh na saint iomarcach im luach leighis do bhéra Dia agus meisi furtacht dó.’ Agus do coimhlionadh briatra Declain don druing sin.