La ele do bí Declan ina duthaig fein ag suibhal Sleibhe Cúa is na Déisibh. Agus do bacaighedh aeach ó adhbhar eiccin, ionnus nar bheidir lé siubhal do dhenamh. Agus do connairc Déclan almha fhiadh acc siubhal an tsleibhe do thaobh dhe. Agus a dubairt le neach da mhuinntir: eirig agus tabhair cuccam fíadh dibh sutt fom carpat in ionad mheich agus beir an bhraigdeach so let ar a cend. Agus do imtigh an deisciopal agus nís chuir sin a cconntabairt no go rainic an fiadhach, agus do anattar go min cendsa ris, agus do ghlac an fiadh do ba mó agus rer cosmaile beith láidir dibh. Agus tucc leis hé, agus do chuir fon carpat agus do iomchair an fiadh go cennsa láidir easpoc Declain no go rainic sé Magh Feimhin. Agus do ghabh tech leaptha ann sin agus do leicc an fiadh uadha, agus adubairt ris a denamh amhail fa gnath leis. Agus le breithir an fhíreoin do iompó an fiadh iffiadhnaise cáich