Corpus of Electronic Texts Edition
Life of St. Declan of Ardmore (Author: Unknown)

caibidil 33

Do bi Declan la acc siubhal tre Osraighe agus do báil leis anadh iccaislén ann. Agus tuccattar luct an chaislean. The text wants a few lines at this place. A translation of the approximate missing portion has however been supplied on the other side, from the Latin Life. Agus tangattar na fir agus na mna sin ar na marach go humhal mar a raibhe Declan. Agus do innsettar dó a truaighe fuaratar an drong sin bás mar do bí afhios aicce sion. Agus do ronsatt sin aitricche agus tuccatar ionad onorach do Déclán ina nderna sé mainistir agus fuair tuilleadh ele ferainn agus tucc fo dera na mairbh sin dadhlacadh mar anderna an mainistir. Agus isé as ainm don mainistir Ceall Colaim Deircc. Agus is amhlaidh do bi an Colaim Dercc sin ina fhear búidh naomhtha do dheiscipal do Declán don rann toir do cuigedh Laighen iar mbunadhas .i. do Dál Messcorb. Agus is uadha ainmnigter an


p.54

mhainistir sin agus a ndiaigh an t-ionad sin do lesuccadh tainicc da ionadh fein tar a ais .i. dona Deisibh.