Corpus of Electronic Texts Edition
Life of St. Declan of Ardmore (Author: Unknown)

caibidil 28

Is in aimsir sin tainic plaigh gránna isin Mumain agus do bí i cCaisiol ní badh mó ina in ionad ele. Agus is amhlaidh doniodh ris na daoinibh andath do claochlad imbuidhecht ar tús agus amarbadh ainnsein. Agus do bhattar moirseiser do braigdibh uaisle ag Áengus hi cCaisiol don taoibh thiar do Chaisiol san áit re nabarthar Raith na nIrlann, agus tarla doibh oidhce ann go ffuarattar bás don pláigh adubhramar. Agus rob olc lasin rígh a mbás agus adubairt a cheilt deccla go néreochad sccannail no coccadh tríotha oir do bhátar inaccloinn dona daoinibh fa treise agus fa nertmhaire do bí san Mumain. Agus tainic Declan go Caisiol ar na márach. Agus do labhair re hAengus agus doba fáilídh an rí roimhe agus do goir chuicce he. Agus adubairt ris hi ffiadnuise druinge dá cáirdibh féin:—'Guidim tú, a Dhéclain, a searbhontuidhe Dé, go tti


p.46

diot in ainm Criost an moirsheiser braghat do bi agam imbraighdenus ó thigernadhaibh Muman anaithbéougadh damh oir atáid ar ffaghail báis don plaighsi do chluine agus is eccail lemsa anaithre do thóccbáil coccaidh agus cennairrce imagaidh, óir as dáoine nertmara láidire íatt, agus as nár linn go deimhin a mbás, óir aderaitsion gur ab dínn féin tainic a mbás.' Do freaccair Declan don rígh agus adubairt:—‘A leithéite sin do chás .i. daoine daithbeougadh o bhás go bethaid as ris an ccumhachta ndíadha amháin bhenus. Agus an ní bhenus rimsa de .i. dol mar a bfuilit a ccuirp agus urnaighe do chur cum Dé arason do ghen é. Agus do déna Dia mar as ferr do cífidher dó annridhe.’ Agus do chúaid Déclan agus drong ele maille réna deisciplaibh agus luct eolais an rígh rempu13 mar a rabattar cuirp na muinntire sin tesda. Agus do len an rí íatt ar a lorcc ionnus go ffaca se uadha cuirp na ndaoine marbh. Agus do chúaid Declan ar na lionadh on chreidimh díada isin tigh irrabhattar, agus do croith uiscce coisrecctha orra, agus do rinne urnaighe hi ffiadhnuise caich agus adubairt:—‘A thiccerna, a losa Criost, a áoin meic De bi in onóir tanma fein dúisigh na mairbh so ionnus go ndaingnightar iad isin creidemh Chatoilice tré nar noificne.’ Ina dhíaigh sin do haithbheoaighedh an drong sin do Déclan agus do bhattus ag glúasacht a bfabhradh agus a dubairt Declan riú:—‘In ainm Criost ar slanaighteora éirghidh in bhar sesamh agus bennaighidh Día, agus tabraid glóir dó.’ Agus do éirghettar leis an nguth rin go luath agus do labratar ré chách agus do fóccair Declan don rígh iatt ar mbeith slan beo doibh. Agus ar ffaicsin na miorbailedh niongantach sin do chách tuccattar uile gloir agus molad do Dia agus rainic clú Decláin fo Erinn de sin agus roba fáilid an ri résan aisecc sin fuair.